Dán an Domhnaigh #LeChéile: Dúiseacht le Dúthracht le Breacadh an Lae

Léigh Áine Ní Ghlinn a dán, "Dúiseacht le Dúthracht le Breacadh an Lae" ar an gCúinne Dána ar Raidió na Gaeltachta. Is meantóir í faoi Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge. Tugann an scéim seo deis do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta (meantóirí).  Tá an dán seo mar chuid den tsraith "Dán an Domhnaigh". #LeChéile

Cúpla focal ón bhFile faoin Dán:

Nuair a chuala mé Mícheál Ó Muircheartaigh ag caint faoi mhana seo a sheanmháthar cheapas go raibh sé an-oiriúnach don saol mar atá faoi láthair. Cuma cé chomh deacair is a bhíonn cursaí caithfimid éirí as an leaba gach maidin agus caithfimid dul i dtaithí ar an saol mar atá.

Focail agus dán le hÁine Ní Ghlinn

  do Mhícheál Ó Muircheartaigh a luaigh mana seo a sheanmháthar

  ar an Late Late Show, Márta 2020

 

Sleamhnaíonn na laethanta isteach is amach as a chéile

gan lipéad Luain ná Aoine is ní fheadarsa an é inniu nó

amárach é.

 

Gléasaim mé féin le dul ar Zoom, le dul ar shiúlóid dhá

chiliméadar ón teach. Gléasaim mé féin le leithscéal a

thabhairt dom féin gléasadh.

 

Ní fada go mbeidh mé do mo ghléasadh féin chun an

bruscar a chur amach nó chun comhrá a bheith agam liom

féin sa scáthán.

 

Siúlaim ó sheomra go seomra. Tarraingím chugam leabhar

ón tseilf. Sílim go n-aithním teideal nó údar ach ní fheadar

ar léigh mé riamh é.

 

Cluthraím sa seomra suí. Casaim leathanach i ndiaidh

leathanaigh. Siar arís go’n tús gan tuairim agam cad atá léite

agam. Caithim uaim an leabhar.

 

Neadaím os comhair an ríomhaire. Tá dán ansin áit éigin ach

go bhfuil na focail reoite ina gcnapán scaoill sa bhearna sin idir

bun na scámhóg is barr an bhoilg.

 

Análaím. Isteach. Amach. Arís. Níos doimhne. Análú go bun

scámhóige. Arís is arís eile nó go leánn an cnapán oighir, nó go

dtosaíonn na focail ag éalú.

 

Sileann siad. Sleamhnaíonn. Ansin pléascann siad amach ina

n-aibhneacha scaoill. Réabann ina dtonnta, ina bhfarraigí, ina

maidhmeanna móra scaoill.

 

Titim. Luím ar ghrinneall an tseomra. Deasc is ríomhaire ar snámh

os mo chionn. Seolann leabhar tharam. Peann ina chrann seoil air.

Crochta uaidh aithním leathdhán ón lá inné.

 

Mo scámhóga á bplúchadh ag an rabharta focal. Iad do mo

thachtadh, do mo mhúchadh. An é seo deireadh an bhóthair?

Deireadh aistir? Ach …

 

Ach fan. Leánn mo dhá chos isteach ina chéile. Airím borradh

aisteach faoi mo dhá lámh. Iompaíonn ina n-eití. Osclaíonn

geolbhaigh in áit mo dhá chluas.

 

Mé anois im’ mhúrúch tí. Ag análú is ag snámh isteach is amach

idir cathaoireacha is boird. Greadaim m’eireaball lannach.

Ceiliúraim mo chlaochlú.

 

Osclaím mo gheolbhaigh. Séidim bolgáin i dtreo na sílála. Sínim

m’eití is tugaim aghaidh le dúthracht is le dóchas ar bhreacadh

an lae.

An Fhile:

File agus scríbhneoir do pháistí í Áine Ní Ghlinn. Tá cúig chnuasach filíochta foilsithe aici do dhaoine fásta, dhá chnuasach filíochta do dhaoine óga agus go leor leor scéalta agus úrscéalta scríofa aici do léitheoirí óga. Bronnadh Gradam Leabhar na Bliana Reics Carló ar thrí cinn dá leabhair Daideo, Hata Zú Mhamó agus Boscadán.