Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh sheoladh “Céad Míle Fáilte”

9 Bealtaine 2024 

Chuir Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge fáilte roimh an bhfógra ón Aire Stáit Gaeltachta, Thomas Byrne TD, maidir leis an tionscnamh “Céad Míle Fáilte” le déanaí. Chuir an tOllamh Regina Uí Chollatáin in iúl gur chreid sí go gcuideodh an tionscnamh seo go mór le pobail mhionlaigh chun an Ghaeilge a shealbhú, chun a bheith rannpháirteach in imeachtaí Gaeilge agus ar ndóigh, chun a bheith ina ndlúthchuid de phobal na Gaeilge. Dar léi, “cuirfidh an tionscnamh seo go mór le hiarrachtaí i nGaelscoileanna agus sna pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud an oileáin “céad míle fáilte” a chur roimh dhaoine atá ag teacht le cur fúthu in Éirinn.” 

Trí “Céad Míle Fáilte”, tá teachtaireacht láidir shoiléir á cur amach chuig daoine atá ag teacht go hÉirinn go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil pobal na Gaeilge agus lucht na Gaeilge ar fud an oileáin ag iarraidh fáilte a chur rompu isteach i mórphobal na Gaeilge, agus gur mhaith linn a chinntiú go mbeidh gach deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.  

Agus é ag cur fáilte roimh an maoiniú, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá mórán gnéithe a bhaineann leis an Éireannachas agus le bheith i d’Éireannach ar an oileán, agus tá an Ghaeilge lárnach i measc na ngnéithe sin. Nuair atá mionlach beag glórach ag iarraidh a chur in iúl nach bhfuil fáilte roimh na nua-Éireannaigh, tá sé tábhachtach, thar ceann phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fáilte a chur roimh dhaoine ó thíortha eile. Tá sé tábhachtach go mbíonn deis acu cuidiú linn úsáid na Gaeilge a leathnú i measc phobail uile an oileáin”. 

Críoch 

Tuilleadh eolais:  

Bhí “Céad Míle Fáilte” maoinithe ag Foras na Gaeilge go dtí 2022. Beidh sé á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán ó 2023 go 2025.  

Tá gach eolas faoi Céad Míle Fáilte ar fáil ag ceadmilefailte.ie