Fás agus forbairt ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

Tá fás agus forbairt ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ó bunaíodh é sa bhliain 2015 agus tá togra nua ar bun an fómhar seo a neartóidh tacaíocht an eagrais do scríbhneoirí Gaeilge. Le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, tá bainisteoir páirtaimseartha á earcú ag an Aontas don tréimhse Meán Fómhair go Nollaig na bliana seo. Duine cumasach, eagraithe atá eolach ar shaol liteartha na Gaeilge atá á lorg le tabhairt faoin dreas oibre seo.

Tá 142 ball cláraithe mar bhaill ag Aontas na Scríbhneoirí agus a líon ag méadú gach bliain. Ina measc tá scríbhneoirí cruthaitheacha i ngach seánra mar aon le scríbhneoirí acadúla, ní amháin in Éirinn ach ar mhór-roinn na hEorpa, san Astráil agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá plé agus idirghabháil déanta ag an Aontas le móreagrais chultúrtha eile agus aitheantas forleathan aige mar urlabhraí do scríbhneoirí Gaeilge.

Cabhróidh an togra nua leis an Aontas méadú ar a chuid seirbhísí dá bhaill, ina measc fógraí rialta faoi dheiseanna agus sparánachtaí do scríbhneoirí agus comhairle faoi chonarthaí idir scríbhneoirí agus foilsitheoirí. Aidhm eile ná uasdátú agus poiblíocht a dhéanamh ar Eolaire na Scríbhneoirí, bunachar ar an suíomh www.aontasnascribhneoiri.ie a bhfuil breis is 500 scríbhneoir Gaeilge liostáilte air atá beo inniu agus leabhar foilsithe acu nó a saothar drámaíochta léirithe nó craolta go poiblí.

Ar bhonn deonach a rinneadh obair uile an Aontais le seacht mbliana anuas. Beidh bainisteoir an togra nua ag obair as a stuaim féin agus de réir sceideal ama páirtaimseartha dá rogha féin. De réir mar a bheas rath ar an obair forbartha seo, díreoidh an t-eagras ar mhaoiniú fadtréimhseach a lorg don todhchaí.

Tá gach eolas faoin deis oibre seo leis an Aontas ar fáil ag Tionscadal forbartha ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge | Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus sa cheangaltán atá faoi iamh. Glacfar le hiarratais go dtí Dé hAoine 19 Lúnasa.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó agallamh a shocrú le ball de choiste Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ach teagmháil a dhéanamh le rúnaí an choiste ag: annaheussaff@gmail.com ; 087 204 0743