Fás le Foras – Turas

San eagrán seo de Fhás le Foras, caithtear súil ar eagraíocht darbh ainm Turas, lonnaithe I dTuaisceart na tíre atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge agus í a chur chun cinn i measc an phobail leathan.

 

Céard é/iad aidhm/eanna na heagraíochta?

An Ghaeilge a chur chun cinn in Oirthear Bhéal Feirste, sa phobal Protastúnach agus ar bhonn thrasphobal. S’éard is brí leis an bhfocal ‘Turas’ i nGaeilge na hÉireann agus  Gàidhlig/Gaeilge na hAlban ná aistear nó oilithreacht. Is tionscadal Gaeilge é atá dírithe ar dhaoine ón bpobal Protastúnach a nascú lena stair féin agus an Ghaeilge. Tá Turas bunaithe ar an bprionsabal go mbaineann an teanga le achan duine agus is modh athchairdis é.

 

Cé chaoi a mbíonn an Ghaeilge á chur chun cinn agaibh?

Bíonn imeachtaí éagsúla á reachtail ag an eagráíocht. Go sonrach, ranganna (idir ranganna sa tseomra ranga agus ar líne), grúpaí sóisialta, ciorcail comhrá, grúpaí díospóireachta, grúpa ceoil, turais chun na Gaeltachta, leabharlann, áiseanna leabharlainne, siamsaíocht, imeachtaí trasphobail, turais bus, léachtanna poiblí, scannáin bheochana, na meáin chumarsáid agus is é bunú naíscoile, an tionscadal is deireanaí de chuid Turas. Ar bharr ar seo cuireann muid sparánachtaí ar fáil don lucht foghlama s' againne atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge ag tríú leibhéal.

 

Luaigh scéim/tionscadal ar leith atá faoi bhun agaibh.

Scannáin bheochana - tá ceithre cinn déanta againn go dtí anois dírithe ar an phobal Protastúnach agus an Ghaeilge. Baineann na beochana le athchairdeas a dhéanamh le bheith I do Phrotastúnach agus grá don Ghaeilge i measc neart téama eile. Ta na beochanna ar fail ar mheáin shóisialta Turais.

 

Cé chaoi a mbíonn an Foras á thacú libh?

Tá Foras ag tacú linn trí scéimeanna a bhaineann le dul chun cinn na Gaeilge sa phobal (maoiniú ón bhunchistiú) chomh maith le maoiniú a bhaineann le scéimeanna naíoscolaíochta.

Céard atá i ndan don eagraíocht?

Tá Turas, mar eagraíocht, ag dul ó neart go neart. Beidh leabhar úr foilsithe againn gan mhoill de sheanchas Oirthear Bhéal Feirste, an chéad leabhar a leiothéid riamh as oirthear na cathrach. Tá na turais busanna ag toiseacht ar ais i ndiaidh deacrachtaí na paindéime agus tá plean anois ag Turas le gach cuidiú a thabhairt do bhunú bunscoile in Oirthear Bhéal Feirste taobh istigh de 2-3 bliana. Tá sé ar intinn againn leanúint ar aghaidh agus cur leis na himeachtaí seo atá ar bun faoi láthair.

 

Sonraí teagmhála agus Meáin Shóisialta:

Instagram:       belfastturas;  

Twitter:           belfastturas; 

Facebook:       Turas Belfast  

Ríomhphost:   turasbelfast@gmail.com

 

An bhfaigheann d’eagraíocht deontas ó Fhoras na Gaeilge a chuidíonn leat an teanga a chur chun cinn? Bí i dteagmháil linn ag eolas@forasnagaeilge.ie le go mbeidh bhur scéal san áireamh againn sa tsraith nua #FásLeForas.