‘Focail Nua’ gearrscannán faoin gCoiste Téarmaíochta á thaispeáint i bhFleadh Scannán na Gaillimhe

Tá gearr-scannán Gaeilge leis an stiúrthóir Andrew Keogh faoin obair a bhíonn ar bun ag an gCoiste Téarmaíochta le taispeáint mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Tá dhá théarmeolaí lán-aimseartha fostaithe in Éirinn agus é mar dhualgas orthu na céadta de fhocail, de théarmaí agus de fhrásaí a cheapadh gach mí. Is céiliuradh é an scannán seo, ar bheocht, ar dhoimhneacht agus ar chastacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann. 

Tá sé mar aidhm ag an gCoiste Téarmaíochta téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide i sochaí nua-aoiseach.

Tionóltar cruinnithe míosúla den Choiste Téarmaíochta, coiste deonach ar a bhfuil c.25 ball a cheaptar ar feadh tréimhse trí bliana. Socraíonn an Coiste Téarmaíochta prionsabail téarmaíochta, déanann siad an obair a phleanáil agus a mhaoirsiú, ceapann siad téarmaí, déileálann siad le fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal agus le ceisteanna aistriúcháin ó oifigí Gaeilge an AE, agus bunaíonn siad fochoistí saineolaithe de réir mar is gá.

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an Choiste Téarmaíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig tearmai@forasnagaeilge.ie nó trí ghlaoch ar 01-6398418.