Folúntais sna Líonraí Gaeilge

Tá próiseas earcaíochta ar siúl i gcúig líonra Gaeilge atá aitheanta mar chuid den phróiseas pleanála teanga náisiúnta. Is in 2015 a cuireadh tús le próiseas pleanála teanga i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, Inis i gContae an Chlár, Baile Locha Riach i gContae na Gaillimhe, Carn Tóchar i gContae Dhoire agus in Iarthar Bhéal Feirste i gContae Aontroma. Tá stádas mar Líonraí Gaeilge anois bainte amach agus pleananna teanga cuimsitheacha ullmhaithe acu le cur leis an Ghaeilge atá á labhairt agus le feiceáil sna ceantair seo.

Le tús a chur le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga seo tá próisis earcaíochta ar siúl i ngach ceann de na Líonraí Gaeilge le Comhordaitheoirí Pleanála Teanga a cheapadh. Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:

“Is céim shuntasach chun tosaigh é seo do na líonraí Gaeilge agus folúntais mar Chomhordaitheoirí Pleanála Teanga anois fógraithe. Beidh ról lárnach ag na ceapacháin seo ag croí-lár an phróisis pleanála teanga sa tír agus tá muid ag dúil go mór le bheith ag tacú leo agus na pleananna teanga á gcur i bhfeidhm amach anseo.”

I measc na dtréithe a bheidh ar na Comhordaitheoirí Pleanála Teanga a cheapfar beidh:

  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla.
  • Ardscileanna eagrúcháin, bainistíochta ag leibhéal sinsearach.
  • Tuiscint agus taithí mhaith ag plé le hearnálacha éagsúla/pobail ilchultúrtha, agus ar phlé le coistí/struchtúr phobail /ranna stáit.
  • Tuiscint agus taithí mhaith i bhforbairt na ceannaireachta.
  • Taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal.
  • Ardscileanna cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta.
  • Cumas tosaíochtaí a leagan síos, spriocdhátaí a bhaint amach agus obair a dhéanamh laistigh d’achar teoranta.
  • Cumas oibriú mar chuid d’fhoireann nó as do stuaim féin.
  • Taithí mhaith a bheith ag plé leis na meáin chumarsáide/na meáin shóisialta

Tá an próiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht ag tabhairt deiseanna do phobail bheith uaillmhianach maidir leis an Ghaeilge ina gceantar agus tionscadail úra a chur ar bun. Mar gheall go bhfuil pleananna teanga sáinnithe ar riachtanais gach líonra, freastalóidh na Comhordaitheoirí Pleanála Teanga ar gach líonra ar an bhealach is oiriúnaí do phobal na Gaeilge sa cheantar áirithe sin.

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na próisis earcaíochta i ngach ceann de na líonraí Gaeilge a aimsiú anseo:

Is é Dé hAoine an 22ú Deireadh Fómhair ag meánlae an spriocdháta le haghaidh iarratas.