Folúntas: Stiúrthóir na Gaeilge, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

Tá clár gnó fairsing iléagsúil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaca le hoidhreacht, ealaíona agus cultúr shaibhre na hÉireann a chur chun cinn, dul chun cinn inbhuanaithe fadtéarmach geilleagrach agus sóisialta a bhrú chun cinn ar fud na tuaithe in Éirinn, chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge, forbairt na Gaeltachta agus forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán.

Beidh Stiúrthóir na Gaeilge ag tuairisciú don Ard-Rúnaí, agus freagrach as tacú leis an nGaeilge agus í a neartú mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht. Beidh sé/sí freagrach freisin as forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí a chomhordú ar fud na Roinne chun comhoibriú Thuaidh/Theas a chur chun cinn. Beidh an Stiúrthóir i gceannas ar Rannán na Gaeltachta agus lonnaithe in oifig na Roinne sna Forbacha, i nGaillimh.

Beidh an méid seo a leanas ag an iarrthóir idéalach:

• Taithí shuntasach ó thaobh cheannasaíochta, bhainistithe agus eagrúcháin de agus an cumas foirne atá scaipthe a stiúradh agus a fhorbairt;

• Leibhéal ard scileanna forbartha straitéise agus polasaí, agus cumas léirithe an t-aistriú ó straitéis go soláthar gníomhach athruithe a threorú;

• Scileanna cumarsáide agus tionchair den scoth, agus an cumas caidrimh éifeachtacha a chothú, go háirithe caidrimh sheachtracha le réimse leathan eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara ábhartha;

• Scileanna labhartha agus scríofa Gaeilge den scoth agus éileofar air nó uirthi a dhualgais nó a dualgais a chur i gcrích trí Ghaeilge ar bhonn laethúil.

Tuilleadh eolais: http://www.publicjobs.ie/publicjobs/campaignAdvert/38113.htm