Folúntas: Príomhthéarmeolaí

Post buan mar Phríomhthéarmeolaí le Foras na Gaeilge (Baile Átha Cliath)

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh:

Príomhthéarmeolaí  (Tagairt: PT/0516)

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €61,966 go €72,546 (Príomhoifigeach Cúnta)

FOIRM IARRATAIS & DEASCÁN EOLAIS

Sainchuntas Príomhthéarmeolaí

Sonraíocht Príomhthéarmeolaí

Deascán Eol

Foirm Iarratais

Fógra PT

SPRIOCDHÁTA

Ní mór cóip chrua d’fhoirmeacha comhlánaithe lámhshínithe bheith faighte ag an seoladh thíos roimh 12 meánlae, Dé Luain, 5 Meán Fómhair 2016.

Poist,
Foras na Gaeilge,
7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.

Ní ghlacfar le hiarratais ar ríomhphost.

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.