Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais don Chiste Tionscadal

Tá Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais don Chiste Tionscadal. Tá sé mar aidhm ag an gciste, a bunaíodh in 2020, tacú le réimsí oibre agus tionscadail nach dtiteann faoi ghnáthréimsí scéimeanna Fhoras na Gaeilge.

Beidh deontais dar luach idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 á gcur ar fáil d’eagraíochtaí ar fud fad an oileáin agus fáilteofar go háirithe roimh iarratais a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhealaí nuálacha, chomh maith le coincheapa agus tionscadail a rachaidh chun leasa do phobal na Gaeilge. Anuas air sin beidh deis ag comhlachtaí agus ag trádálaithe aonair iarratais a dhéanamh ar an gciste in 2021. Cé nach raibh an deis sin ann roimhe seo, aithníodh go raibh luach agus fiúntas leis na léirithe spéise a fuarthas agus rinneadh athbhreithniú ar chritéir an chiste.

I measc na ndeontas a ceadaíodh in 2020 rinneadh maoiniú ar scannán Gaeilge leis an Project Arts Centre, tionscadal comórtha ar Thomás Ó Máille le hOllscoil na hÉireann Gaillimh, tionscadal turasaóireachta i gCeantar an Chéide in Ard Mhacha, maoiniú ar Chaifé na gCrom i mBéal Feirste agus ar bheochaintí siamsúla agus oideachasúla do dhaoine óga.

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Edel Ní Chorráin, “Bhí an-éileamh ar an Chiste Tionscadal nuair a fógraíodh é den chéad uair in 2020 agus bhí áthas orainn tacú le tionscadail chomhaimseartha agus nuálacha nuair a bhí eagraíochtaí ag dul i ngleic le srianta Covid-19. Ba léir ó éagsúlacht na dtionscadal agus na n-iarratas anuraidh go bhfuil smaointe an-chruthaitheach i measc an phobail faoi bhealaí le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus gur fhreastail an ciste seo ar réimse leathan spéiseanna agus táim cinnte go mbeidh an-éileamh arís air i mbliana”.