Cur Chuige Comhpháirtíochta

De thoradh ar chinneadh den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar an 10 Iúil 2013, tá tús curtha le ré úr i bhforbairt na Gaeilge agus Foras na Gaeilge ag fógairt, ar an 17 Eanáir 2014, na sé cheanneagraíocht a ghlacfaidh freagracht as sé mhór-réimse oibre.

Is toradh é an cinneadh seo ar phróiseas ar cuireadh tús leis in 2008 le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar obair na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí Foras na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn bliantúil. Mar chuid de chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, bunaíodh dhá fhóram – An Fóram Comhpháirtíochta agus An Fóram Forbartha Teanga.

Beidh na ceanneagraíochtaí thíosluaite freagrach as na réimsí seo a leanas agus beidh siad ag obair lena gcur chun cinn ar fud an oileáin.

Ceanneagraíocht Mór-réimse Oibre
Gaeloideachas Gaeloideachas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge
Gael Linn Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
Glór na nGael Forbairt pobail agus eacnamaíochta
Oireachtas na Gaeilge Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasán do dhaoine fásta
Conradh na Gaeilge Ardú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit)
Cumann na bhFiann Forbairt deiseanna úsáide Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga