An Fóram Forbartha Teanga

Cuireadh tús le ré nua i bhforbairt na Gaeilge in 2014 nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge na sé cheanneagraíocht a ghlacfadh freagracht as sé mhór-réimse oibre. Is dlúthchuid é an Fóram Forbartha Teanga uile-oileáin den chur chuige comhpháirtíochta, an struchtúr foirmiúil idir na ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.

Is iad cuspóirí an Fhóraim Forbartha Teanga:

  1. Anailís a chur ar fáil ar riachtanais na Gaeilge ar fud sna tíre i mór-réimsí aitheanta.
  2. Comhairle a thabhairt trí thuairisc a chur ar fáil, trí Chathaoirleach an Fhóraim, don Fhóram Comhpháirtíochta agus do Bhord Fhoras na Gaeilge.
  3. Guth mhórphobal na Gaeilge a chloisteáil maidir le ceisteanna reatha a bhaineann leis an nGaeilge.
  4. Níl sé i gceist go bhfeidhmeoidh an Fóram Forbartha Teanga mar bhrúghrúpa nó mar ghrúpa abhcóideachta.

 

Tá Foras na Gaeilge anois ag cur fáilte roimh léirithe suime ó dhaoine sa phobal ar mhaith leo a bheith ina mbaill den Fhóram 2024 – 2027.

 

Tiocfaidh an Fóram Forbartha Teanga le chéile suas le ceithre huaire sa bhliain. Beidh dhá cheann de na cruinnithe sin fíorúil agus beidh dhá mhórchruinniú i bpearsa ann. Is cruinnithe lae a bheidh i gceist leis na mórchruinnithe le plé a dhéanamh ar mhórthéamaí agus mórcheisteanna faoin earnáil agus faoin nGaeilge trí chéile.

Cuirtear fáilte roimh léirithe suime ó dhaoine sa phobal a chomhlíonann an chuid is mó de na critéir seo a leanas:

  1. Taithí roinnt blianta ag plé leis an nGaeilge nó ag cur chun cinn na Gaeilge
  2. Tuiscint ar earnáil ar léith de chur chun cinn na Gaeilge (mar shampla gnó, óige, pobal, ealaíona)
  3. Tuiscint ar chur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an phobail
  4. Taithí ag plé le scéimeanna de chuid Fhoras na Gaeilge nó seirbhísí na gceanneagraíochtaí

 

Más suim leat a bheith linn líon isteach an suirbhé gairid seo le do thoil roimh an 12 Lúnasa 2024.