Scéim Miondeontas Colmcille 2023
Scéim Miondeontas Colmcille
Le haghaidh tionscnamh nó comhpháirtíocht le hAlbain a chur chun cinn.
Is féidir iarratas a chur isteach ar an scéim seo in am ar bith. Níl spriocdháta ag an scéim.
Cúlra Colmcille
Is comhpháirtíocht é Colmcille idir Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bòrd na Gàidhlig in Albain. Tá aidhm ag Colmcille caidreamh agus comhoibriú a chothú idir cainteoirí Ghaeilge na hÉireann agus cainteoirí Ghaeilge na hAlban, agus an dá phobal teanga a neartú.
Tá trí scéim maoinithe ag Colmcille:
- An scéim miondeontas le taighde a dhéanamh agus le comhthionscnaimh a phleanáil
- Scéim deontas Colmcille le tionscadail a mhaoiniú (príomhscéim deontas Colmcille)
- An scéim sparanachta le cuidiú le daoine Gaeilge na hAlban a fhoghlaim
Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh ar an scéim miondeontas, is gá teagmháil a dhéanamh
le hoifigigh Colmcille (colmcille@forasnagaeilge.ie) ag Foras na Gaeilge sula líonfaidh tú foirm iarratais na scéime.
Dáta oscailte 01/01/2023
Dáta Druidte 31/12/2023