Scéim na bhFéilte 2020
Beidh Scéim na bhFéilte oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh.
Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.
Spriocdháta: 12 meán lae an 18 Deireadh Fómhair 2019
Cáipéisí:
Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leis an iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos: