Scéim na bhFéilte 2024 Glaoch 1 (01 Eanáir – 31 Bealtaine)

Beidh Scéim na bhFéilte Glaoch 1 oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh idir 01 Eanáir agus 31 Bealtaine 2024. Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
19 Deireadh Fomhair 2023
Beidh Scéim na bhFéilte Glaoch 1 oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh idir 01 Eanáir agus 31 Bealtaine 2024.

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

Glacfar le hiarratais roimh mheán lae ar an 19 Deireadh Fómhair tríd an gcóras ar líne amháin.

Scéim na bhFéilte 2024_G1_Treoirlínte_GA

Cliceáil anseo le hiarratas ar líne a dhéanamh