Scéim na bhFéilte 2024 Glaoch 2 (01 Meitheamh – 31 Nollaig)

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais don scéim seo a leanas: Scéim na bhFéilte 2024 Glaoch 2 (01 Meitheamh – 31 Nollaig)
Stádas
Oscailte
Dáta Deiridh
3 Bealtaine 2024
Am atá fágtha
  • Uair
  • Nóim

Beidh Scéim na bhFéilte Glaoch 2 oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh idir 01 Meitheamh – 31 Nollaig 2024.

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.