Scéim na gCompántas Drámaíochta Proifisiúnta agus Amaitéarach 2022
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
10 Eanáir 2022

Beidh  Scéim na gCompántas Drámaíochta Proifisiúnta agus Amaitéarach oscailte do ghrúpaí drámaíochta atá bunaithe go dlíthiúil mar chompántas drámaíochta, idir amaitéarach agus proifisiúnta, grúpaí nuabhunaithe san áireamh, ar mian leo drámaí Gaeilge nó dátheangacha a léiriú timpeall na tíre.

Díríonn an scéim seo ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. Lena chois sin, is ar fhorbairt pobail, freastail agus luchta féachána imeachtaí drámaíochta a dhíríonn an scéim seo.