Scéim na nImeachtaí Óige 2024/2025

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do chláir oiriúnacha imeachtaí óige de dhá sheisiún déag trí Ghaeilge don aos óg idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois taobh amuigh den Ghaeltacht:  
Stádas
Oscailte
Dáta Deiridh
3 Bealtaine 2024
Am atá fágtha
  • Uair
  • Nóim

Is é 5pm Dé Aoine an 3ú Bealtaine 2024 an spriocdháta d’iarratais ar an scéim seo.

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do chláir oiriúnacha imeachtaí óige de dhá sheisiún déag trí Ghaeilge don aos óg idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois taobh amuigh den Ghaeltacht:

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach imeachtaí cónaithe iad;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 1 Meán Fómhair 2024 agus an 30 Meitheamh 2025;
  • nach féilte, comórtais, nó imeachtaí aon lae amháin iad.

Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantair aitheanta i straitéisí nó i reachtaíocht rialtais.

Is gá foirm shínithe leictreonach agus na cáipéisí tacaíochta go léir a chur chuig oideachas@forasnagaeilge.ie faoin spriocdháta. Cuirimid fáilte roimh aon cheist maidir leis an scéim seo roimh an spriocdháta.

Foirm Iarratais Gaeilge_Scéim na nImeachtaí Óige 2024-25

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Dheas

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoirlínte Dhátheangacha_Bilingual Guidelines_Scéim na nImeachtaí Óige 2024-25

Treoirlínte Gaeilge_Scéim na nImeachtaí Óige 2024-25