Gearrliostaí do Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2020 Fógartha

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Dé Máirt, 18 Lúnasa 2020) teidil na leabhar atá ainmnithe ar na Gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Tá fiche haon leabhar (21) roghnaithe do ghearrliostaí na bliana seo - ocht (8) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló agus sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe. I measc na dTithe Foilsitheoireachta a bhfuil leabhair leo ainmnithe i mbliana tá, An tSnáthaid Mhór, Cló Iar-Chonnacht, Dalen Éireann, Éabhlóid, Futa Fata, Leabhar Breac, Móinín agus LeabhairCOMHAR. Tá liosta iomlán de na leabhar ar fad atá gearrliostaithe ar fáil thíos.

Roghnaítear na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.

 “Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach Teach Foilsitheoireachta atá ar ghearrliostaí na bliana seo”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Bíonn comórtas géar ann gach uile bhliain agus ní haon eisceacht í an bhliain seo. Léiriú ar shár-chaighdeán in earnáil na foilsitheoireachta is ea an líon saothar le háireamh atá ar na gearrliostaí seo. Inspioráid dúinn ar fad agus lón dóchais don todhchaí an tslí ar lean scríbhneoirí agus foilsitheoirí ar aghaidh ag saothrú go cruthaitheach agus go fuinniúil le linn thréimhse chorrach na dianghlasála. Guím gach rath orthu ar fad,” a dúirt sé.

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Edel Ní Chorráin, “Tá obair iontach ar siúl ag foilsitheoirí na Gaeilge agus tá leabhair ar ardchaighdeán ag teacht amach bliain i ndiaidh bliana. Tá moladh mór ag dul do na húdair, na haistritheoirí, na maisitheoirí agus na foilsitheoirí as na leabhair iontacha seo a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Léiríonn na liostaí seo go gclúdaíonn foilsitheoireacht na Gaeilge réimse leathan ábhar agus go bhfuil leabhair ann do gach duine. Bíonn sé deacair i gcónaí buaiteoirí a roghnú i measc na roghanna ar na gearrliostaí agus is amhlaidh atá an scéal arís i mbliana.”

Fógrófar na buaiteoirí ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2020. Gabhann duaischiste de €17,000 leis an trí ghradam foilsitheoireachta. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.

Le haghaidh tuilleadh eolais: Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas T: 00353 87 1005439 R: louise@antoireachtas.ie

Nótaí don Eagarthóir

    1. Bronnfar na duaiseanna mar seo a leanas: €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Uí Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair; €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Réics Carló, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar mhaisitheoir an tsaothair; €1,500 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe agus €500 ar aistritheoir an tsaothair.
    2. Is iad Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na Gradaim Fhoilsitheoireachta.
    3. Is Ceanneagraíocht é An tOireachtas sa réimse, ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’.
    4. Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais ar an bhfód ón mbliain 1897 agus tugann siad aitheantas agus ardán thar a bheith luachmhar do scríbhneoirí na Gaeilge. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas seo.
    5. Is é Oireachtas na Samhna, a bunaíodh in 1897, príomhimeacht bliantúil an Oireachtais agus, go dtí i mbliana, bhí sé ar siúl gach aon bhliain ó 1939 – níor reáchtáladh aon Oireachtais sna blianta tar éis bhunú an Stáit mar go raibh go leor de na daoine a bhí gníomhach san Oireachtas gafa le cúrsaí polaitíochta in Éirinn.
    6. Tá féilire leathan imeachtaí eile a bhíonn ar siúl ag tráthanna eile den bhliain ag An tOireachtas.
    7. Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar www.antoireachtas.ie maidir le himeachtaí agus comórtais uile na heagraíochta.

Gradam Uí Shúilleabháin MÁCHAIL le Ré Ó Laighléis, foilsithe ag Móinín – Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach!

AN DIABHAIL DÉANTA le Joe Steve Ó Neachtain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Sa chnuasach gearrscéalta seo, cíortar ábhair an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, saincheisteanna sóisialta, an rachmas ag streachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.

SA TEACHT SEO ANOCHT le Micheál Ó Conghaile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Is úrscéal nua é seo ó pheann Mhíchíl Uí Chonghaile. Insíonn an leabhar seo scéal fear atá ar tí siúl amach agus a theach a fhágáil, an teach inar rugadh agus tógadh é, agus a theaghlach ina dhiaidh.

CROÍ CINE cnuasaithe ag Seán de Fréine, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Is cnuasach uathúil scríbhneoireachta í Croí Cine a sholáthraíonn réamhrá cuimsitheach fairsing ar scríbhneoireacht na Gaeilge, a shíneann siar chomh fad leis na 1600í go dtí deireadh an 20ú haois. Is cnuasach é seo de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - scothshamplaí den fhilíocht, de nathanna cainte, agus de scríbhneoireacht shaibhir na Gaeilge ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad.

AN BAILE BEAG GÉIMIÚIL: AMHRÁIN NA TRÁ BÁINE curtha in eagar ag Sinéad Ní Ráinne, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, i gCeantar na nOileán i gConamara mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim sa saol – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Tá sé amhrán déag sa leabhar seo a cumadh sa cheantar féin, nó a chum daoine ón gceantar a chuaigh ar imirce. Tá aiste chuimsitheach eolais ag dul le gach uile amhrán chomh maith le réamhrá a thugann eolas ar chúlra, ar chultúr agus ar eacnamaíoch na Trá Báine.

TINE GHEALÁIN le Máire Dinny Wren, foilsithe ag Éabhlóid – Tá níos mó ná leathchéad dán sa chnuasach filíochta seo, a nochtann croí agus spiorad an údair, a ceantar dúchais, a cultúr agus a daoine. Tá daonnacht láidir le braith sna dánta rud a thugann deis don léitheoir mothú, foghlaim agus tuiscint níos doimhne a fháil ar an tsaol thart orainn. Tá na dánta lonnaithe in iarthuaisceart Dhún na nGall sa lá atá inniu ann, le roinnt tagairtí siar ar chuimhní an údair, ar a hóige agus ag éirí aníos di faoin tuath.

BEALACH NA SPÁINNEACH le Liam Mac Cóil, foilsithe ag Leabhar Breac – Seo é an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith leabhair de chuid Lúcás Ó Briain (An Litir). Sraith úrscéalta atá suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.

ÉADAOIN SEACHT SNAIDHM NA SEIRCE le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac – Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid.

Gradam Réics Carló SCÚNC AGUS SMUIRÍN le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata – Tá grá mór ag Scúnc beag dá bhréagán bog, Smúirín. Is é Smúirín an compánach is ansa leis ar domhan. An rud is deise faoi Smúirín ná an boladh atá uaidh. Ach lá amháin, cailleann Smúirín a bholadh. An féidir le Mamaí an scéal a chur ina cheart?

AR STRAE le Patricia Forde agus maisithe ag John White, foilsithe ag Futa Fata – Tá Nizar i bhfad ó bhaile. B’éigean dó a bhaile sa tSiria a fhágáil nuair a thosaigh an cogadh. Tá cónaí anois air in óstán in Éirinn agus níl a fhios aige cén fhad a bheidh sé ann. Tá an saol an-deacair ar Nizar. Ansin lá amháin, bualann sé le cara nua, atá imithe ar strae…

MÍP le Máire Zepf agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata – Is í Míp an robat is cliste dár déanadh riamh. Tá sí á seoladh go Mars, le fáil amach an bhfuil eachtráin ina gcónaí ann. Tógann sí go leor pictiúr ann agus cuireann sí ar ais chuig an domhan iad, ach cá bhfuil na heachtráin? Ansin, tarlaíonn tubaiste. “Tá Míp bhocht réidh” a deir na heolaithe. Ach an bhfuil?

AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ le Máire Zepf agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald, foilsithe ag Futa Fata – Tá scéal Éadaoin agus Mhír á insint in Éirinn le breis agus míle bliain. Baineann Máire Zepf casadh nua as an seanscéal ina leagan féin agus tugtar draíocht na samhlaíochta Gaelaí chun beatha in ealaín aoibhinn Shona Shirley Macdonald.

BRÍSTE AN CHEOLTÓRA le Pádraig Standún agus maisithe ag Clifford Hayes agus Deirdre Ní Thuathail, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Tá Jessica agus Simon ag freastal ar choláiste samhraidh chomh maith le ranganna ceol uirlise. Ba mhaith leo a bheith ina gceoltóirí, ach tá drogall orthu mar gheall ar an síorchleachtadh a bhíonn ag teastáil chuige seo. Cad a tharlódh dá bhféadfaidís dul timpeall ar fhadhb an chleachtais?

RITA AGUS AN NINJA le Máire Zepf agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnathaid Mhór - Is cailín beag í Rita le smaointe móra.Is breá léi dul i bhfolach. Ba mhaith léi traenáil mar ninja. Ansin, bheadh sí ciúin, gasta, dofheicthe. Ach cén deireadh a bheadh leis?

NEANSAÍ AR AN BHFEIRM le hOrna Ní Choileáin agus maisithe ag Aidan J. Collions, foilsithe ag LeabhairCOMHAR – Tá fonn eachtraíochta ar Neansaí, cailín a chuirfeadh aoibhneas ar do chroí. Ar ndóigh, glactar leis go bhfuil sí soineanta go dtí go gcruthaítear a mhalairt!

Pictiúr leabhar álainn ina ndéanann cailín óg cairdeas le an-chuid ainmhithe feirme. Cuireann íomhánna bríomhaire agus nua-aimseartha go mór leis an scéal.

Gradam de Bhaldraithe ZOG le Julia Donaldson agus Axel Scheffler agus aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata – Is é Zog an dragún is díograisí ar scoil ach bíonn timpistí aige go minic. Ar ámharaí an tsaoil, tagann cailín beag mistéireach i gcabhair air i gcónaí ach an mbeidh sí in ann cabhrú leis an tasc is doichte seo a dhéanamh: an banphrionsa a ghabháil?

DIALANN DÚRADÁIN: AN FHÍRINNE SHEARBH le Jeff Kinney agus aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Futa Fata – Cheap Greg Heffley go mbeadh sé go hiontach a bheith níos sine, ach níl. Tá brú nua ag baint le cóisirí tí a dtéann buachaillí agus cailíní chucu in éineacht. Tá freagrachtaí nua ar Ghreg. Tá sé féin ag fás agus ag athrú agus níl a sheanchara, Rowley, thart chun labhairt leis faoi seo ar fad. An mbeidh Greg in ann ag an saol nua seo as féin? Nó an mbeidh air déileáil leis an “fhírinne shearbh”?

SLAT RÍOGA OTTOKAR le Hergé agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Tugann Tintin aghaidh ar ríocht bheag, an tSildáivé, áit a bhfuil comhcheilg ar bun i gcoinne an rí óig, Múisc Áir XII. Is mian leis na comhchealgairí Ríshlat an Rí Ottokar a ghoid, siombail na ríochta. Má éiríonn leo, beidh ar an rí éirí as. Tá an tír ag cur thar maoil le feallairí! An éireoidh le Tintin an rí agus an tSildáivé a shábháil?

ASTERIX igCOILL CINSEALACHTA le René Goscinny agus Albert Uderzo agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Tá Asterix agus a chomh-Ghallaigh ag seasamh in aghaidh impiriúlachas na Róimhe, mar is dual dóibh. Tá plean ag Caesar chun an lámh in uachtar a fháil orthu faoi dheireadh —an ceantar a phlódú le plandálaithe! Seasann Asterix agus a chairde in aghaidh na bplandálaithe ar dtús ach tuigeann siad de réir a chéile go mb’fhéidir go bhfuil an domhan ag athrú. An gcaithfidh na Gallaigh athrú nó má athraíonn siad an gcuirfidh siad a dteanga agus a gcultúr ársa i mbaol?

NICOLÁS BEAG: EACHTRAÍ le René Goscinny agus Jean-Jacques Sempé agus aistrithe ag Séamus Ó Coileáin, foilsithe ag Dalen Éireann – Seo Nioclás Beag, buachaill scoile atá lán d’fhuinneamh agus de dhiabhlaíocht agus a bhíonn i gcónaí i dtrioblóid. Is cuma más ar scoil nó sa bhaile atá sé, bíonn sé ina liútar éatar nuair a bhíonn Nioclás agus a chairde le chéile. Tá deis anois againn scéalta na heachtraíochta sin a léamh nó a athléamh inár dteanga féin.

AR LUCH AGUS AR DHUINE le John Steinbeck agus aistrithe ag Colmcille Ó Monacháin, foilsithe ag Leabhar Breac– Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh sa bhliain 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.