Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2023 Fógartha

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu (Dé Máirt, 15 Lúnasa 2023) na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

 

Tá fiche (20) leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo - seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló. 

 

Bhain 9 dTeach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cló Léann na Gaeilge (CLÓ); Dalen Éireann; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Picnic Press. Tá liosta iomlán de na leabhair atá gearrliostaithe ar fáil thíos.

 

“Tá tacar ar leith scileanna atá riachtanach i gceird na foilsitheoireachta le saothar an scríbhneora a chóiriú, a chur i láthair agus a stiúradh go healaíona, soléite, sábháilte, isteach i lámha an léitheora”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tá sé d’ádh ar scríbhneoirí agus ar an bpobal léitheoireachta gur bhain oiread sin Tithe Foilsitheoireachta a thionlaic leabhair Ghaeilge chun an mhargaidh le bliain anuas sárchaighdeán amach.  Ar ndóigh bíonn saothar meithle laistiar de gach leabhar agus tréaslaím leis na húdair, na maisitheoirí, na haistritheoirí, na heagarthóirí, na dearthóirí agus gach aon bhaill de mheithleacha na leabhar atá ainmnithe ar ghearrliostaí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2023.   Tá raon agus réimse den scoth leabhar ar na gearrliostaí sin, ina measc: úrscéalta, cnuasaigh aistí agus filíochta, pictiúr-leabhair don ghlúin óg agus sár-aistriúcháin ó theangacha eile.”

 

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2023. Gabhann duaischiste de €17,000 leis na trí ghradam. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
 
Tuilleadh eolais:  
Síle Mhic Dhonnacha, An tOireachtas
     T: +353 (0)87 9463405     R: sile@antoireachtas.ie 

Nótaí don Eagarthóir

  1. Bronnfar na duaiseanna mar seo a leanas: €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Uí Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair; €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Réics Carló, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar mhaisitheoir an tsaothair; €1,500 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe agus €500 ar aistritheoir an tsaothair.
  2. Is iad Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na Gradaim Fhoilsitheoireachta.
  3. Is Ceanneagraíocht é An tOireachtas sa réimse, ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’. 
  4. Tá Comórtais Liteartha an Oireachtaisar an bhfód ón mbliain 1897 agus tugann siad aitheantas agus ardán thar a bheith luachmhar do scríbhneoirí na Gaeilge. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill i measc bhuaiteoirí na gcomórtas seo.
  5. Eagraíonn an tOireachtas príomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, go bliantúil agus a chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibhealaíona traidisiúnta mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa. Beidh an fhéile ar siúl i mbliana ó 1-5 Samhain 2023 i gCill Airne, Co. Chiarraí.
  6. Tá féilire leathan imeachtaí eile a bhíonn ar siúl ag tráthanna eile den bhliain ag An tOireachtas agus bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar antoireachtas.iemaidir le himeachtaí agus comórtais uile na heagraíochta.


Gradam Uí Shúilleabháin

 

ÉANLAITH IARTHUAISCEART THÍR CHONAILL le Maitiú Ó Murchú, foilsithe ag LeabhairCOMHAR – Cnuasach grianghraf agus téacs ar ghné den fhiadhúlra in Iarthuaisceart Thír Chonaill, taobh tíre a bhfuil taithí ag an údar air, atá sa leabhar seo. Tá eolas agus ábhar ar fáil faoi níos mó ná 100 speiceas éin.

 

AN ÓIGE AGUS AN ATHBHEOCHAN le Ríona Nic Congáil, foilsithe ag Cló Léann na Gaeilge – Is é seo an chéad mhonagraf a dhíríonn ar an gcaidreamh idir an óige agus stair na Gaeilge i rith thréimhse na hathbheochana.

 

Léann na Sionnaine curtha ina eagar ag Aengus Ó Fionnagáin & Gordon Ó Riain, foilsithe ag Cló Léann na Gaeilge – Sraith aistí atá san imleabhar seo a chuimsíonn réimsí ilghnéitheacha de Léann na Gaeilge ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu ann.

 

CEALLACH le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac - Ceallach: manach agus mac rí; is é a scéal féin atá sa leabhar seo. Tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith le scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar a shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin.

 

DHÁ LEAGAN DÉAG: LÉARGAIS NUA AR AN SEAN-NÓS le Philip Fogarty, Tiber Falzett, Lillis Ó Laoire, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Cnuasach aistí a phléann gnéithe éagsúla d'oidhreacht na hamhránaíochta sa Ghaeilge go háirithe ó aimsir na hAthbheochana i leith.

 

NOLLAIG OILEÁNACH le Micheál Ó Conghaile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Cur síos ar an Nollaig ar oileán beag iargúlta i gConamara, Inis Treabhair, áit ar chaith an scríbhneoir a óige sna 1960í & 1970í.

 

BÉAL NA PÉISTE le Fionntán de Brún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Nuair a thuirlingíonn eitilt Réamann Prút i mBéal Feirste i 1988, tá sé ag filleadh ar a bhaile dúchais ina strainséir.

 

 

Gradam Réics Carló

 

TEACH TEIDÍ le Sadhbh Rosenstock agus maisithe ag Ciara Ní Dhuinn, foilsithe ag Picnic Press  Téimis go tír na samhlaíochta i dteannta Teidí, áit a mbeidh Bricfeastasár, Foghlaí Mara, Capall Draíochta agus neart carachtar eile ar bís le bualadh linn. Foghlaimeoidh muid amhráin agus rannta spraíúla, nuachumtha do leanaí óga.

 

INIS MARA le Tristan Rosenstock agus maisithe ag Mark Wickham, foilsithe ag LeabhairCOMHAR Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá sa leabhar seo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne.

 

BLÁTH FIÁIN le Méadhbh Ní hEadhra agus maisithe ag Deirdre Ní Thuathail & Clifford Hayes, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Is dlúthchairde as an Spidéal iad Mikey, Hannah agus Rónán. Is deacair do Mhikey a chuid mothúchán i leith Hannah a chur in iúl agus ise ag tabhairt aghaidh a cuid trioblóidí féin. Bíonn Rónán sáinnithe idir eatarthu, agus é mar chrann taca ag an mbeirt acu. Oíche thorthaí an teastais shóisearaigh, tagann cor cinniúnach sa saol dóibh go léir...

 

PÚCAÍ SHMÚCAÍ AGUS DÁNTA EILE le Gabriel Rosenstock agus maisithe ag Una Woods & Tarsila Krüse, foilsithe ag Futa Fata – Bailiúchán filíochta de sheandánta agus véarsaí úrnua do pháistí. Cuireann ealaín aoibhinn Tarsila Krüse agus Úna Woods go mór leis an gcur i láthair agus, ar an taifeadadh fuaime, cloistear an craoltóir cáiliúil Sinéad Ní Uallacháin agus páistí Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, ag aithris na ndánta le tionlacan ceoil nuachumtha ó John Ryan.

 

AMUIGH FAOIN SPÉIR le Sadhbh Devlin agus maisithe ag Brian Fitzgerald, foilsithe ag Futa Fata - Scéal álainn a dhéanann ceiliúradh ar an domhan nádúrtha agus ar a bheith neadaithe go teolaí ar an tolg i ndiaidh eachtra mhór amuigh faoin spéir.

 

EOINÍN AG DUL A CHODLADH le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy, foilsithe ag Futa Fata - Nuair a dhúisíonn sé san oíche, is deacair d’Eoinín dul a chodladh arís. Ach, tá rud amháin a chuirfidh a chodladh é. Cabhraigh le hEoinín na caora ar fad atá mar chairde aige a chomhaireamh.  An dtitfidh sé a chodladh arís ansin?
AG BUZZÁIL SA GHAIRDÍN le hÁine Ní Ghlinn agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór - Bíonn Billí Beach ag obair go dian. Bailíonn Billí Beach neachtar gach uile lá ó bhláthanna gleoite sa ghairdín. Bíonn Billí ag obair ó mhaidin go hoíche. Scéal álainn le rithim scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus maisithe go hildaite ag Andrew Whitson.

 

 

Gradam de Bhaldraithe

 

SIÚRMÓ le Jean-Claude Izzo agus aistrithe ag Bernadette Nic an tSaoir, foilsithe ag Leabhar Breac  – Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn sé síos le saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian.
CUAIRT SAN NIOCLÁS le Clement Clarke Moore agus aistrithe ag Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht  – Dhá chéad bliain ó shin a cumadh ‘Cuairt San Nioclás’, ceann de na dánta is mó a d’fhág a lorg ar an Nollaig. Cosúil leis an úrscéal gearr Duan na Nollag le Charles Dickens, chruthaigh an dán seo samhail den Nollaig ar ghlac léitheoirí go fonnmhar léi.

 

NA RÍTHE BEAGA le Delphine de Vigan agus aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Barzaz – Úrscéal dochreidte maith, scéal comhaimseartha atá scríofa go máistriúil: cás na bpáistí a bhfuil i bhfad an iomarca dá saol curtha ar taispeáint ar na meáin shóisialta. 

 

DOG MAN AS GAEILGE le Dav Pilkey agus aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, foilsithe ag Futa Fata – Beidh idir óg agus aosta sna tríthi gáire agus iad ag léamh an chéad imleabhar seo sa tsraith cháiliúil Dog Man, ar fáil den chéad uair as Gaeilge. Lean an laoch clúmhach Dog Man ar a chuid eachtraí agus é ag iarraidh an baile a choinneáil slán ar bhithiúnaigh aisteacha de gach méid agus de gach cineál!

 

AN BUACHAILL, AN CAOCHÁN, AN SIONNACH AGUS AN CAPALL le Charlie Mackesey agus aistrithe ag Máire Zepf & Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór – Aistriúchán Gaeilge ar an scéal iontach léiritheach Charlie Mackesey ‘The Boy, The Mole, The Fox and the Horse’ a bhfuil crá, cairdeas agus cineáltas ag baint leis.

 

ART ABÚ! SCOIL NA NARRACHTAÍ le David de Thuin agus aistrithe ag Caitlín Nic Íomhair, foilsithe ag Dalen Éireann - Is seancheann ceart é Art Beag. Is maith leis rudaí mar atá siad – spraoi lena chairde ar scoil, agus suaimhneas sa bhaile sa choill. Ach nuair a thosaíonn bithiúnach éigin ag cur a chairde faoi gheasa, stopann an chraic agus bíonn ar Art dul sa bhearna bhaoil!