Grúpaí le Gaeilge 2018: Scéim nua fógartha ag Foras na Gaeilge

D’fhógair Foras na Gaeilge scéim nua inniu a thugann tacaíocht do dheiseanna úsáide Gaeilge agus glacfar le hiarratais as seo go dtí an 1 Nollaig 2017. Is é bunaidhm Grúpaí le Gaeilge

tacú le deiseanna úsáide sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí le clár gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis atá acu a reáchtáil trí Ghaeilge. Tacóidh sé le grúpaí éagsúla a bhfuil an Ghaeilge mar mheán cumarsáide acu, ach nach í an Ghaeilge amháin an sainspéis atá acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá grúpaí ar fud an oileáin a thagann le chéile le comhspéis a chleachtadh trí Ghaeilge agus tá áthas orainn go mbeidh ar ár gcumas na grúpaí seo, chomh maith le grúpaí nua a thiocfaidh chun cinn, a chumasú tríd an scéim seo. Tá sé mar aidhm againn tacú le grúpaí a théann i mbun gníomhaíochtaí éagsúla, bíodh sin trí ióga, gníomhaíochtaí spóirt nó club leabhar, le húsáid na Gaeilge mar theanga shóisialta agus phobail a spreagadh. Tá córas iarratais ar líne forbartha againn don scéim agus, den chéad uair riamh, beidh Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ón bpobal tríd an suíomh gréasáin. Is forbairt thábhachtach é seo mar go n-éascóidh sé an córas an próiseas iarratais don deontaí agus muid ag dul i dtreo próiseas níos nuálaí mar a fhorbraíonn cúrsaí teicneolaíochta. Táimid ag súil go mór le heolas faoin scéim a roinnt leis an bpobal ag sraith oícheanta eolais a bheidh á fógairt go luath”.

Tá ról comhairliúcháin ag An tOireachtas maidir le reáchtáil na scéime Grúpaí le Gaeilge mar aon le tacaíocht, comhairle agus cúnamh a chur ar fáil do choistí pobail ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an scéim.

Ar fhógairt na scéime dó dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “Is cúis áthais dom go bhfuil ról comhairliúcháin agus tacaíochta ag an Oireachtas ar an scéim Grúpaí le Gaeilge. Tabharfaidh an scéim deis do ghréasáin sainspéise fud fad na tíre deiseanna úsáide Gaeilge a chruthú mar aon le struchtúr níos beaichte a chur ar na himeachtaí a chuirfear ar fáil. Tá súil ag an Oireachtas go spreagfaidh an scéim seo réimse leathan iarratas ina gcuimseofar deiseanna úsáide Gaeilge don phobal le taitneamh a bhaint as an teanga. Tá tábhacht agus fiúntas ar leith le forbairt na gclubanna siúlóide, reatha, cócaireachta agus go leor sainspéiseanna eile timpeall na tíre. Tacóidh an scéim Grúpaí le Gaeilge go mór le haitheantas agus spreagadh a thabhairt do na gréasáin luachmhara seo.”

Críoch

Fiosruithe maidir leis an scéim:

Foras na Gaeilge: www.forasnagaeilge.ie/grupai  |  grupai@forasnagaeilge.ie 353 1 639 8400

An tOireachtas: eolas@antoireachtas.ie | 353 1 475 3857

Fiosruithe ó na meáin:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teagmháil: 0035387 673 6175 | Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie