Grúpaí le Gaeilge
Tacaíocht do dheiseanna úsáide Gaeilge
Bunaidhm na scéime
Tacú le deiseanna úsáide sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí le clár gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis atá acu a reáchtáil trí Ghaeilge.
Coinníollacha na scéime
An grúpa
- Is coiste pobail an grúpa atá ag déanamh an iarratais. Caithfidh ainm an ghrúpa a bheith ag teacht le hainm chuntas bainc an ghrúpa. Níl eagrais reachtúla, údaráis áitiúla nó deontaithe reatha de chuid Fhoras na Gaeilge incháilithe le cur isteach ar an scéim seo. Beidh cóip de ráiteas bainc reatha an choiste ag teastáil.
- Tá ar a laghad cúigear sa ghrúpa.
- An Ghaeilge atá mar mheán cumarsáide ag an ngrúpa, ach is gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis seachas an Ghaeilge féin atá beartaithe ag an ngrúpa sa chlár gníomhaíochtaí.
An clár gníomhaíochtaí
- Tá clár gníomhaíochtaí neamhbhrabúsach do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois beartaithe ag an ngrúpa.
- Tacaíonn an clár gníomhaíochtaí le bunaidhm na scéime (féach thuas).
Fad na scéime
- Glacfaimid le hiarratais idir Deireadh Fómhair agus Samhain 2017. Beidh an clár gníomhaíochtaí á reáchtáil idir mí Feabhra agus mí Dheireadh Fómhair 2018.
Maoiniú ar fáil
Is é €800/£650 uasmhéid an deontais atá le fáil in aon bhliain amháin.
Samplaí de chostais incháilithe:
- Cíos ar láthair na ngníomhaíochtaí
- Árachas
- Fógraíocht agus poiblíocht
- Cíos ar mhionbhus nó ar bhus
- Sólaistí, tae agus caife
- Éascaitheoir le saineolas ar ábhar sainspéise na ngníomhaíochtaí
- Costais eile a bhaineann leis an gclár gníomhaíochtaí
Coinneoidh an grúpa gach sonrasc bunaidh agus doiciméid eile a bhaineann leis an gclár gníomhaíochtaí. Ní dhéanfaidh Foras na Gaeilge íocaíocht mura bhfuil sonraisc nó fianaise eile íocaíochta atá ar chaighdeán sásúil ar fáil.
Tá na costais seo a leanas neamh-incháilithe:
- Imeachtaí óige
- Táille múinteora do cheachtanna Gaeilge
- Costais eile a bhaineann le ranganna Gaeilge
- Ciorcail chomhrá
- Aon chostas eile a mheastar a bheith míréasúnta
Beidh Foras na Gaeilge sásta aon cheist atá agat maidir leis an bhfoirm iarratais a fhreagairt roimh an spriocdháta.
Tá an fhoirm iarratais curtha ar fáil ar líne ach tá aistriúchán Béarla ar fáil anseo.
Sonraí teagmhála Fhoras na Gaeilge
Guthán: 003531 639 8400
Ríomhphost: grupai@forasnagaeilge.ie
Tacaíocht bhreise ó An tOireachtas
Is é An tOireachtas an cheanneagraíocht sa mhór-réimse Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus bunú gréasán. Tá ról comhairliúcháin agus tacaíochta ag An tOireachtas maidir le reáchtáil na scéime Grúpaí le Gaeilge mar aon le tacaíocht, comhairle agus cúnamh a chur ar fáil do choistí pobail ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an scéim.
Teagmháil: Oifigeach Gréasán, An tOireachtas
Sonraí teagmhála: eolas@antoireachtas.ie | 01 475 3857
Ní mór bunaidhm agus coinníollacha na scéime a léamh sula dtabharfaidh tú faoin bhfoirm iarratais a chomhlánú.
Tá bunaidhm agus coinníollacha na scéime léite agam
Ticeáil an bosca lena léiriú go bhfuil bunaidhm agus coinníollacha na scéime léite agat.