Iarratais leictreonacha ar scéimeanna á moladh ag Foras na Gaeilge

Mar gheall ar COVID-19 tá Foras na Gaeilge ag iarraidh ar iarratasóirí a gcuid iarratas ar scéimeanna maoinithe atá fógartha faoi láthair a chur chugainn ar ríomhphost.  Caithfidh an t-iarratas agus na cáipéisí tacaíochta go léir ón seicliosta a chur leis an iarratas (agus a bheith faighte faoin spriocdháta más ann dó). 

Is féidir linn glacadh le cáipéisí i bhformáid MS Word nó PDF.  Ní ghlacfaimid le haon fhormáid eile, mar shampla Google Docs.

Tabhair faoi deara nach gá cóip chrua a sheoladh chugainn sa phost agus ní cóir duit cóip a fhágáil ag aon cheann d’oifigí Fhoras na Gaeilge.  Ní gá an fhoirm a bheith sínithe ag baill eile coiste nó finné neamhspleách agus glacfaimid le do ríomhphost mar dhearbhú uait.

Is iad seo a leanas na seoltaí ríomhphoist do scéimeanna ar leith agus is féidir ceisteanna a sheoladh chuig na seoltaí seo. Deimhnigh chomh maith go seolann tú d’iarratas don scéim chuí chuig an seoladh ríomhphoist cuí faoin spriocdháta atá luaite leis an scéim (más ann dó). Molaimid na hiarratais a sheoladh i bhfad roimh an spriocdháta lena dheimhniú go bhfaigheann Foras na Gaeilge in am iad.

Ríomhphoist:

Scéim Deontas Cholmcille, colmcille@forasnagaeilge.ie,spriocdháta  20 Aibreán 5 p.m

Scéim Miondeontas Cholmcille, colmcille@forasnagaeilge.ie, níl spriocdháta ann

Scéim na nImeachtaí Óige, oideachas@forasnagaeilge.ie, spriocdháta  27 Aibreán meán lae

An Scéim Tacaíochta Gnó, stg@forasnagaeilge.ie, níl spriocdháta ann