Infheistíocht shuntasach le déanamh ag Foras na Gaeilge i bhforbairt pobail trí Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024 ag cruinniú de chuid bhord Fhoras na Gaeilge inniu. Forbairt thábhachtach a bheidh sa scéim nua le tacú le pobail Ghaeilge pleanáil inbhuanaithe agus straitéiseach a dhéanamh i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht ar fud an oileáin.

Beidh suas le €4.12 milliún (€1.376 milliún ar bhonn bliantúil) de bhuiséad iomlán ag an scéim seo agus mairfidh an tréimse mhaoinithe trí bliana (ó Eanáir 2022 go dtí Nollaig 2024).

Eascraíonn an scéim nua ó phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh le linn 2020 maidir leis an scéim a thiocfadh i gcomharbas ar an Scéim Pobal Gaeilge. Bunaithe ar aiseolas an chomhairliúcháin, forbraíodh cur chuige athbhreithnithe chun infheistíocht shuntasach bhreise a dhéanamh i gcur chun cinn, cothú agus buanú na Gaeilge ag leibhéal an phobail trí phrionsabail na pleanála teanga.

Anuas ar an infheistíocht shuntasach seo, tá pacáistí cúitimh á gcur ar fáil do dheontaithe reatha na Scéime Pobal Gaeilge le tacaíocht bhreise a sholáthar dóibh sa dara leath de 2021. Beidh luach iomlán €220,000 ar an gciste seo, €10,000/£8,700 do gach grúpa, agus é mar aidhm aige tacú leis an dá ghrúpa is fiche atá ag forbairt pleananna teanga ar fud an oileáin.

Fógrófar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024 roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2021 nuair a bheidh critéir agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie.

Críoch

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie