Is Féidir Linn! Togra chun cabhrú le tuismitheoirí & caomhnóirí tacú le páistí Gaeilge a úsáid sa bhaile

Creidim Ionat

Tá sé mar aidhm ag ‘Is Féidir Linn’ saol trí Ghaeilge a chur ar fáil do gach uile thuismitheoir agus caomhnóir, beag beann ar a gcumas féin sa teanga nó an taithí a bhí acu léi roimhe, trí nathanna, scéalta, rannta agus amhráin bunaithe ar shaol laethúil an teaghlaigh a mhúineadh dóibh. Tá an acmhainn idirghníomhach seo lán le frásaí laethúla i mBéarla agus i nGaeilge, chomh maith le mír fuaime do gach ceann acu chun cabhrú ó thaobh foghraíochta de.

 

D’eascair ‘Is Féidir Linn’ ón acmhainn #GaeilgeSaBhaile, a bhí á reáchtáil ar na meáin shóisialta ag an scéim Gaelbhratach, atá faoi stiúir Gael Linn. I measc na bhfrásaí úsáideacha do thuismitheoirí agus caomhnóirí atá le fáil ann, tá leithéidí “Brostaigh ort, maith an cailín”, agus – ceann a bhí tráthúil le linn na paindéime – “Ná déan dearmad do lámha a ní”.

 

Ag labhairt di ag seoladh ‘Is Féidir Linn’, dúirt Edel Ní Bhraonáin, comhordaitheoir tionscadail Gaelbhratach le Gael Linn: “Bhí tuismitheoirí agus caomhnóirí ag tabhairt faoi scolaíocht bhaile le linn na paindéime, agus d’aithin siad go raibh níos mó Gaeilge in úsáid acu lena bpáistí – roinnt díobh nach raibh tar éis úsáide a bhaint as an nGaeilge ó bhí siad féin ar scoil, agus roinnt eile nár fhoghlaim riamh í. Luadh linn gur ábhar spreagtha é seo chun a ngrá agus a n-úsáid don Ghaeilge a athmhúscailt, nó i roinnt cásanna í a fhoghlaim den chéad uair.

 

“Bhí idir thuismitheoirí agus chaomhnóirí, chomh maith le páistí, ar intinn againn agus sinn ag cruthú na hacmhainne seo. Cuireann scéalta agus amhráin simplí beocht sa teanga, agus cuirtear an Ghaeilge i lár an aonaigh sa saol teaghlaigh ansin agus iad i mbun gníomhaíochtaí laethúla sa bhaile – amhail ag déanamh réidh don scoil nó ag dul a luí.”

 

Sheol an craoltóir, scríbhneoir agus tuismitheoir, Maia Dunphy, an togra ‘Is Féidir Linn’. Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Maia: ““Is acmhainn thar a bheith áisiúil é seo d’aon duine atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile agus lena bpáistí sa saol laethúil. Tá sé idirghníomhach agus tugann sé frásaí praiticiúla do theaghlaigh ó lá go lá, rud atá ríthábhachtach le teanga a fhoghlaim.”

 

“Tuigim ó mo bhuachaill óg féin go nglacann páistí go fonnmhar le foghlaim teanga. Ní bhíonn drogall orthu botúin a dhéanamh agus tá go leor le foghlaim againn uathu ar an mbealach sin.”

 

Tá ‘Is Féidir Linn’ maoinithe ag Foras na Gaeilge agus tá sé ar fáil saor in aisce anseo