Laghdú nach beag ar dheontais Scéim na nImeachtaí Óige 16/17 ina ábhar díoma d’Fhoras na Gaeilge

Ag cruinniú de chuid Bord Fhoras na Gaeilge ar 1 Iúil,  ceadaíodh deontais dar luach €182,876 do Scéim na nImeachtaí Óige 2016/17 a thugann deiseanna úsáide do dhaoine óga a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid i mbealach spraíúil. Cuirfidh na deontais ar chumas na ndeontaithe ar a laghad 12 seisiún a eagrú, le linn thréimhse na scoilbliana, atá dírithe ar dhaoine óga idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois taobh amuigh den scoil.

Ag labhairt dó inniu, áfach, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, “Cé go bhfuil Foras na Gaeilge iontach sásta na deontais seo a fhógairt, tá díomá orainn nach raibh ar ár gcumas gach iarratas a bhí incháilithe a cheadú. D’fhógair muid an t-am seo anuraidh go raibh deontais ar luach €322,361.05 á gceadú do 74 tionscadal faoi Scéim na nImeachtaí Óige 15/16 agus tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndeontaithe reatha i mbliana, ceal airgid. Méadaíodh an t-éileamh ar an scéim i mbliana ach, as an 98 iarratas ar ardchaighdeán a fuaireamar, ní raibh ar ár gcumas ach 41 acu sin a mhaoiniú mar gheall ar chiorraithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Ar an drochuair, caillfidh níos mó ná 1,835 duine óg an deis freastal ar imeachtaí óige taobh amuigh den scoil i mbliana dá réir.”

Ceadaíodh na deontais do 41 tionscadal ar luach €182,876  ina iomláine don bhliain 16/17. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ag na tionscadail seo lena n-áirítear imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus imeachtaí eile nach iad.

Is oth le Foras na Gaeilge an tionchar atá ag ciorruithe leanúnacha ar a ollbhuiséad, atá laghdaithe beagnach 25% le deich mbliana anuas, ar a chlár oibre, chomh maith lena dheontaithe. Leanfaidh Foras na Gaeilge ag déanamh a sheacht ndícheall ag iarraidh tuilleadh maoinithe a fháil le bronnadh ar ghrúpaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus a thacaíonnn le deiseanna úsáide Gaeilge.

* Críoch *

Tuilleadh eolais:

Gearóid Mag Uibhrín: gmaguibhrin@forasnagaeilge.ie / 0871779018