Léitheoirí na Gaeilge

Is mór ag COMHAR agus Foras na Gaeilge réamhfhógra a dhéanamh ar thogra úr spleodrach a thiocfaidh ar an saol sa bhliain 2021: ‘Léitheoirí na Gaeilge’.

Tionscadal úr ilbhliantúil, píolótach is ea ‘Léitheoirí na Gaeilge’ a bhfuil sé mar sprioc aige léitheoireacht na Gaeilge a chothú; léirmheastóireacht na Gaeilge a fhorbairt; agus lárphointe feasachta a chur ar fáil do gach eolas faoin bhfáil atá ar ábhar léitheoireachta i nGaeilge don phobal mór.

Tá géarghá le deiseanna nua chun pobal na Gaeilge a chumasú i ngach gné den léitheoireacht: léitheoirí oilte a chur i mbun léirmheasa; léitheoirí úra a mhealladh agus a éascú, ábhar úr léitheoireachta a mheas agus a ghrádú; leabharlanna agus pobail scoile a nascadh leis an gcuid eile den phobal léitheoireachta; eolas na rannpháirtithe éagsúla a scaipeadh agus a mhalartú; agus cainéal nua cumarsáide a chruthú idir scríbhneoirí & foilsitheoirí agus a léitheoirí féin.

Gné lárnach den togra is ea an láithreán gréasáin úr leitheoiri.ie a bheidh ina lárphointe eolais, ar a scaipfear eolas cothrom le dáta maidir le gach gné den léitheoireacht sa Ghaeilge. Gheofar air eolas faoi leabhair nuafhoilsithe agus gach saghas ábhar léitheoireachta ilmheán; clubanna leabhar; leabharlanna; siopaí leabhar; imeachtaí; suíomhanna gréasáin; ríomhleabhair; podchraoltaí; físeáin; agus neart eile. Anuas air sin ar fad, tá sé i gceist tús áite a thabhairt ar an suíomh do léirmheastóireacht na Gaeilge ar bhealaí éagsúla, le cabhair an phobail mhóir.

Ar deireadh, beidh fáilte mhór ar ais ar an saol roimh sheanchara, An Léitheoir, a eiseofar dhá uair in aghaidh na bliana leis an eolas is cuimsithí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge faoi shaghsanna éagsúla ábhair léitheoireachta.

Gan amhras, treiseofar an togra le comhpháirtíocht agus dea-thoil na ndreamanna éagsúla ar fad a bheidh rannpháirteach; beidh tábhacht ag baint le hionchur agus moltaí na ngrúpaí /na bpáirtithe leasmhara sin sa phróiseas seo, agus is chuige sin go bhfuil tús á chur le próiseas comhairliúcháin i saol na hÉireann maidir le cur i bhfeidhm an togra seo agus beidh torthaí na hoibre sin á meas sa chéad ráithe de 2021. Tá sé ar intinn an láithreán iomlán a thabhairt ar an saol i ndiaidh an phróisis sin a bheith críochnaithe. Ba mhaith an rud é nach mbeadh an togra seo in iomaíocht le tionscadal ar bith eile, ach ag tarraingt ar láidreachtaí ilchineálacha na rannpháirtithe éagsúla.

Coinnigh súil ar an leathanach sealadach ag leitheoiri.ie agus ar an gcuntas Twitter @leitheoiri le haghaidh tuilleadh eolais. Is féidir dul i dteagmháil linn freisin ag leitheoiri@comhar.ie