Luach beagnach €500,000 de dheontais ceadaithe agus Naíscoil nua le bunú in Oirthear Bhéal Feirste

Thug bord Fhoras na Gaeilge faomhadh do líon suntasach deontas ag cruinniú a reáchtáladh ar an 23 Aibreán.

Áirítear na deontais seo a leanas ina measc:

  • Ceadaíodh luach €64,970 de dheontais d’fhéilte a bheidh á reáchtáil idir Meitheamh go Nollaig 2021 trí Scéim na bhFéilte 2021 (Glaoch 2). Beidh Féile Charn Tóchair, Féile Thraidphicnic 2021, Féile Inis Oírr agus Féile Liteartha Chorca Dhuibhne i measc na bhféilte a bheidh á reáchtáil sa dara leath de 2021. Tacóidh Foras na Gaeilge le seacht bhféile agus daichead ar fud an oileáin tríd an dá ghlaoch den scéim seo le linn 2021.
  • Ceadaíodh luach €209,126 de dheontais faoi Scéim na gCompántas Drámaíochta Proifisiúnta agus Amaitéarach 2021. Tá Aisling Ghéar, Fíbín Teo., High Rock Productions, Graffiti Theatre Company i measc na gcompántas ar ceadaíodh maoiniú dóibh.
  • Ceadaíodh luach €141,309 de dheontais faoi Scéim na gCampaí Samhraidh do chúig champa agus seasca ar fud an oileáin.

Faoin gCiste Infheistíochta do Bhunú Soláthair Réamhscolaíochta agus Cúram Leanaí 2021, tá deontas dar luach £73,000 á chur ar fáil do Naíscoil na Seolta (Turas), atá faoi chúram Misean Oirthear Bhéal Feirste, don tréimhse Meitheamh 2021 - Meitheamh 2023.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Dul chun cinn suntasach bunú na naíscoile seo in oirthear Bhéal Feirste, agus toradh iontach ar an obair forbartha atá déanta ag Linda Ervine agus a cuid comhghleacaithe sa cheantar ó thosaigh Foras na Gaeilge ag tacú le Turas in 2012. Is beag a shíl duine ar bith againn deich mbliana ó shin go mbeadh naíscoil lán-Ghaeilge mar thoradh ar na hiarrachtaí sin an Ghaeilge a athshealbhú don phobal aontachtach in oirthear Bhéal Feirste.”

Gabhadh buíochas le hÉamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha, as a sheirbhís bliain agus daichead le Foras na Gaeilge agus le Bord na Gaeilge roimhe sin agus guíodh gach rath air agus é ag dul ar luathscor inniu.

Críoch

Tuilleadh eolais:
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 0035387 673 6175 Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie