Preaseisiúint: Luach €200,000 de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge

Bhí a gcéad chruinniú ag bord Fhoras na Gaeilge ó cuireadh tús leis na socruithe eisceachtúla a bhaineann le Covid-19 ar an Aoine an 17 Aibreán. Is trí fhíschomhdháil a reáchtáladh an cruinniú le rannpháirtíocht na gcomhaltaí a éascú ó chian. Tuairiscíodh ar na socruithe atá i bhfeidhm ag an eagraíocht thuaidh theas ó sheachtain na Féile Pádraig, nuair a tháinig treoir ó na rialtais ó thuaidh agus ó dheas gur chóir d’oibrithe gan taisteal chuig an ionad oibre murar ghá sin, agus ina dhiaidh sin gur chóir na hoifigí a dhruidim.

Tá cúig oifig Fhoras na Gaeilge druidte anois, tradstóras Áis ina measc, a dhéanann leabhair Ghaeilge a sheachadadh ar shiopaí leabhar ar fud na tíre agus thar lear. Tá an foras trasteorann ag obair ó chian agus anois ag glacadh le hiarratais dá scéimeanna éagsúla trí ríomhphost.

Ceadaíodh €27,000 d’Oireachtas na Gaeilge ar an gcruinniú leis an gcomórtas do na trí ghradam foilsitheoireachta a eagrú, Gradam Réics Carló dírithe ar leabhair do dhaoine óga, Gradam Uí Shúilleabháin dírithe ar leabhair do dhaoine fásta, agus Gradam de Bhaldraithe le haghaidh aistriúchán. Beidh €17,000 ar fad sa duaischiste.

Ceadaíodh os cionn €185,000 faoi Scéim Campaí Samhraidh Fhoras na Gaeilge do naoi gcampa agus ochtó ar fud na tíre.

“Beimid ag coinneáil súil ghéar ar an dóigh a bhfuil an ghéarchéim ag dul i bhfeidhm ar earnáil na Gaeilge go ginearálta,” arsa Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach, “go háirithe ar na heagraíochtaí éagsúla atá ag brath orainn le maireachtáil, agus ag breathnú ar an dóigh a rachaidh sí i bhfeidhm ar na himeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl de ghnáth sa tsamhradh – campaí samhraidh, féilte agus imeachtaí eile sa phobal.”

Fógrófar feachtas nua Fhoras na Gaeilge ar na meáin shóisialta, #LeChéile, sna laethanta amach romhainn. Cuireann #LeChéile ábhar ar fáil don phobal ar líne trí ardáin Fhoras na Gaeilge ar na meáin shóisialta le húsáid na Gaeilge a éascú sa bhaile.

Críoch

Breis eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie