Luach €340,309 de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge do sheacht n-imeacht óige is ochtó

Ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge ar an 24 Iúil, ceadaíodh deontais dar luach €340,309 do Scéim na nImeachtaí Óige 2020/21. Tabharfaidh an scéim deiseanna do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil agus spreagfaidh sí labhairt na teanga ar bhealach spraíúil.

Cuirfidh na deontais ar chumas na ngrúpaí ar a laghad dhá sheisiún déag a eagrú le linn thréimhse na scoilbhliana, atá dírithe ar dhaoine óga idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois. Meastar go mbeidh deis ag níos mó ná 6,800 páiste a bheith rannpháirteach sna himeachtaí in 2020 agus 2021, níos mó ná 2,000 páiste sa bhreis ar scéim 2019/2020.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá scéimeanna mar seo níos tábhachtaí anois agus na srianta ar oideachas daoine óga, le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga sóisialú trí mheán na Gaeilge agus gréasáin shóisialta a chruthú agus a dhaingniú – bíodh siad fíorúil nó fisiciúil. Seo an deontas is mó atá curtha ar fáil againn sa réimse seo le roinnt blianta, agus muid ag aithint an riachtanais ar leith a bhaineann leis an réimse seo faoi láthair. Tá ardmholadh ag dul do na heagraíochtaí deonacha agus na hoibrithe díograiseacha ar fud na tíre atá ag cinntiú go mbeidh na deiseanna sin ar fáil.”

Tuairiscíodh don bhord go bhfuil an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge curtha i gcló agus go mbeidh sé á sheachadadh ar shiopaí leabhar le linn an tsamhraidh. Seolfar feachtas nua leis an bhfoilseachán suntasach a phoibliú san fhómhar.

Fuarthas freagairt mhaith ar an gcomhairliúchán ar an Scéim Pobal Gaeilge a tháinig chun deiridh ar an 17 Iúil. Beidh tuairisc á cur le chéile mar aon le moltaí faoin mbealach chun cinn don bhord i ndiaidh an tsamhraidh.

Críoch

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie