Luach €400k de dheontais bronnta ar 18 ionad pobail Gaeilge

Fógraíodh scéim tacaíochta aon-uaire, Scéim Cóiríochta Aon Uaire d’Ionaid Phobail Ghaeilge, i mí Dheireadh Fómhair 2021. Tá sé mar aidhm ag an scéim maoiniú aon uaire cóiríochta a chur ar fáil d’Ionaid Phobail Ghaeilge ar fud na tíre ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.

 

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil luach iomlán de €400,000 anois ceadaithe don 18 ionad atá faoi chúram na n-eagraíochtaí thíos.

 

Guímid gach rath orthu le forbairt na n-ionad amach anseo.

 

 

  1. Muintir Chrónáin Teo.
  2. Gael-Fhorbairt na Gaillimhe
  3. Ionad Uíbh Eachach
  4. Coiste Forbartha Charn Tóchair
  5. Glór na Móna
  6. Cumann Cluain Árd
  7. Aonach Mhacha
  8. Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
  9. Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar
  10. Craobh an Iúir - CnaG
  11. Glór Dhún Geimhin
  12. An Droichead
  13. Glór Léim an Mhadaigh
  14. Conradh na Gaeilge, An tAonach
  15. Craobh Inse Chór
  16. Ionad na Fuiseoige
  17. Glór Uachtar Tíre
  18. Gael-Phobal Thamhlachta - CnaG