Luach €500,000 de dheontais ceadaithe ag Foras na Gaeilge

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go mbeidh 86 champa samhraidh á reáchtáil ar fud fad an oileáin le linn an tsamhraidh. Tabharfaidh Scéim na gCampaí Samhraidh 2018, a fógraíodh níos luaithe i mbliana, an deis do dhaoine óga idir 3 agus 18 mbliana déag freastal ar imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus scannánaíochta chomh maith le turais. Ceadaíodh deontais dar luach €174,712, uasmhéid €2,500 nó £1,750 an ceann, do 86 champa éagsúil i mbliana.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Le linn Bhliain na Gaeilge 2018, is cúis dóchais dom go bhfuil méadú 25% tagtha ar líon na gcampaí a bheidh á maoiniú ag Foras na Gaeilge ó 2016 agus tá súil againn go leanfaidh an treocht seo san am amach romhainn. Léiríonn Scéim na gCampaí Samhraidh an t-éileamh leanúnach atá ar dheiseanna do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar dearfach ag na campaí ar úsáid na Gaeilge i gceantair éagsúla as Iarthar Bhéal Feirste go Cathair Chorcaí agus go seasfaidh n-eispéireas leis an 3,883 pháiste a bheidh ag freastal ar na campaí i mbliana.”

 

Ceadaíodh luach €116,379 de dheontais do 46 fhéile a bheidh á reáchtáil in 2018 trí Scéim na bhFéilte. Cuireann Scéim na bhFéilte maoiniú ar fáil d’fhéilte a bhfuil sé mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar dhlúthchuid den fhéile. Tugann na féilte ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta do na healaíona agus is mór an tionchar a bhíonn acu ar phobal na Gaeilge agus ar an mórphobal i gcoitinne.

 

Ceadaíodh luach €208,896 do 18 gcomplacht drámaíochta, idir amaitéarach, phroifisiúnta agus nua-bhunaithe, a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is mór an tionchar a bheidh ag na 46 fhéile agus ag na 18 gcomplacht drámaíochta ar ceadaíodh maoiniú dóibh. Bíonn tábhacht leis na féilte seo ní hamháin do chainteoirí Gaeilge sa phobal, ach le hardán a chur ar fáil d’oirfidigh lena n-ealaín a chur i láthair. Lena chois sin, tá sé tábhachtach a aithint gur gá pobail luchta féachana don drámaíocht Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt, rud a bheidh mar aidhm ag na complachtaí drámaíochta ar ceadaíodh deontais dóibh.”

 

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie