Luach €608,613 de dheontais i réimsí na nEalaíon agus na hÓige ceadaithe ag Foras na Gaeilge

3 Bealtaine 2024 

Tá Foras na Gaeilge tar éis deontais dar luach €608,613 a cheadú le tacú leis na healaíona agus leis an óige.  

Ceadaíodh €262,898.16 faoi Scéim na gCompántas Drámaíochta Proifisiúnta agus Amaitéarach 2024. Díríonn an scéim ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. Tháinig ardú suntasach ar líon na n-iarratas faoin scéim seo i mbliana, go háirithe ó chompántais atá lonnaithe ó thuaidh. Cuirfear deontais dar luach suas le €27,000 do 25 chompántas ar fud an oileáin, lena n-áirítear Stiúideo Cuan, Co. na Gaillimhe, Aisteoirí Thamhlachta, Co. Bhaile Átha Cliath agus Ababú, Co. Aontroma.  

Faoi Scéim na gCampaí Samhraidh 2024, ceadaíodh deontais do 79 gcampa, le huasmhéid de €2,500 nó £1,750 do gach campa, nó luach €172,154 ina iomláine. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ag na campaí, lena n-áirítear imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, scannánaíochta agus babhlála, chomh maith le turais. 

Ceadaíodh €95,933 faoi Scéim na bhFéilte 2024 (Glaoch a hAon), a dhíríonn ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile. Tá Ennis Book Club Festival, Co. an Chláir, Féile Bhaile an Tóchair, Co. Shligigh, The Five Lamps Arts Festival, Co. Bhaile Átha Cliath, agus Aonach Mhacha, Co. Ard Mhacha i measc na bhféilte a gcuirfear deontas ar fáil dóibh sa chéad leath de 2024. Tá ardú suntasach tagtha ar líon na n-iarratas don chéad ghlaoch den scéim seo. Cuireadh deis eile ar fáil iarratas a chur isteach don dara leath de 2024 faoi Scéim na bhFéilte Glaoch a Dó. 

Ceadaíodh €77,628.51 d’ocht gcinn de mhórimeachtaí náisiúnta faoi Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon 2024. Díríonn an scéim seo ar mhórimeachtaí a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge agus na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge, nó go dátheangach. Lena chois sin, díríonn an scéim seo ar na gréasáin shóisialta Ghaeilge, ar an mórphobal, agus ar earnáil na n-ealaíon ar bhonn uile-oileáin agus go hidirnáisiúnta. Beidh Féile na Gealaí, Co. na Mí, Féile an Phobail, Co. Aontroma, Féasta Amhránaíochta agus Ceoil an Spidéil, Co. na Gaillimhe agus Fleadh Cheoil na hÉireann, Co. Loch Garman i measc na mórimeachtaí a gcuirfear deontas ar fáil dóibh in 2024. 

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, “Léiríonn an méadú leanúnach bliantúil ar an éileamh ar na scéimeanna pobail seo an borradh atá faoin Ghaeilge sa phobal, agus go bhfuil pobail ar fud an oileáin ag santú deiseanna lena gcuid Gaeilge a úsáid.” 

Críoch