Luach €720,000 de dheontais bronnta ar 16 ionad pobail Gaeilge

D’fhógair Foras na Gaeilge Scéim d’Ionaid Phobail Ghaeilge i mí Bealtaine 2022 agus é mar aidhm ag an scéim maoiniú a chur ar fáil d’Ionaid Phobail Ghaeilge ar fud na tíre ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt anois go bhfuil luach iomlán de €720,00 anois ceadaithe don 16 ionad thíos don tréimhse anuas go 31 Nollaig 2023 – beidh an maoiniú úr seo ina chrann taca mór forbartha do na hionaid Ghaeilge atá ag freastal ar na pobail labhartha Ghaeilge úra atá lamsuigh den Ghaeltacht:

Guímid gach rath orthu le forbairt na n-ionad amach anseo.

  1. Muintir Chrónáin Teo., Baile Átha Cliath                
  2. Gael Forbairt na Gaillimhe, Gaillimh                        
  3. Ionad Uíbh Eachach, Aontroim                  
  4. Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire                    
  5. Glór na Móna, Aontroim                              
  6. Cumann Cluain Árd, Aontroim                   
  7. Aonach Mhacha, Ard Mhacha                    
  8. Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Aontroim                     
  9. Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar, An Dún
  10. Craobh an Iúir – CnaG, An Dún                  
  11. Glór Dhún Geimhin, Doire
  12. An Droichead, Aontroim                              
  13. Glór Léim an Mhadaigh                
  14. Conradh na Gaeilge An tAonach – CnaG, TIobraid Árann                
  15. Craobh Inse Chór, Baile Átha Cliath
  16. Ionad na Fuiseoige, Aontroim