Faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 is gá d’eagrais phoiblí tuairisc a ullmhú tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain a leagfaidh amach líon na nochtuithe cosanta a rinneadh leis le linn na bliana díreach roimhe agus eolas áirithe ábhartha eile a bhaineann le haon nochtadh cosanta mar sin.