Saoráil Faisnéise

Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise do na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh / Theas agus Turasóireacht Éireann Teoranta.

De réir na bhforálacha i gComhaontú na Breataine / na hÉireann, ullmhóidh na hAirí i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann atá freagrach as Saoráil Faisnéise Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise do na comhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh / Theas a bheadh le ceadú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh / Theas. Cód neamhreachtúil atá sa chód seo a ullmhaíodh faoi réir ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2000 in Éirinn agus ag The Freedom of Information Act, 2000 sa Ríocht Aontaithe.

Cabhraíonn an Cód leis an bpobal ar roinnt slite rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád ag na sé Chomhlachtaí Fordheidhmithe Thuaidh / Theas agus Turasóireacht Éireann Teoranta. Cuireann sé dualgas ar gach Comhlacht cineálacha eolais a bhaineann lena fheidhmeanna, lena struchtúir, lena eagrúchán agus lena seirbhísí, mar aon le tuairisc ghinearálta ar an gcineál faisnéise a bhíonn á choimeád ag an gComhlacht sin. Tugtar míniú ar an mbealach is féidir le ball den phobal faisnéis atá ar coimeád ag an gComhlacht a iarraidh, ar na nithe a chaithfidh an Comhlacht a dhéanamh chun freastal ar a leithéid d’iarratas agus ar an tréimhse ama faoina gcaithfidh Comhlacht freagairt d’iarratas de ghnáth. Ina theannta sin, tugann an Cód deis do bhaill den phobal ráiteas a fháil faoi na cúiseanna a bhí le gníomh de chuid an Chomhlachta a raibh tionchar aige orthu.

Cuireann an tAguisín atá leis an gCód síos ar na cineálacha faisnéise atá díolmhaithe. Má rangaítear an fhaisnéis atá á hiarraidh faoi chatagóir atá áirithe i gCuid 1 den Aguisín, ní gá don Chomhlacht an fhaisnéis a chur ar fáil. Má rangaítear an fhaisnéis atá á hiarraidh faoi chatagóir atá áirithe i gCuid 2, ní mór don Chomhlacht leas an phobail a imscrúdú le féachaint ar cheart í a nochtadh.

Tá nós imeachta ann maidir le hathbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinntí a ghlacann an Comhlacht faoin gCód.

Tá an pobal i dteideal dul i dteagmháil le Fear an Phobail má shíleann siad nár riar an Comhlacht a n-iarratas mar ba chuí.

Tá idir thaifid ar pháipéar agus thaifid leictreonacha ar chomhaid ag Foras na Gaeilge. Is taifid iad seo a bhaineann le hoibríochtaí na heagraíochta. Nuair a fhaightear iarratas a phléifear faoin gCód um Shaoráil Faisnéise, cláraítear é agus cuirtear admháil chuig an iarratasóir. Déantar taighde ansin chun clár na dtaifead ábhartha a chur le chéile. I gcás gur féidir déileáil le hiarratais ar fhaisnéis ar bhealach níos fusa nó níos tapúla ná mar a dhéanfaí trí ghnásanna Shaoráil Faisnéise, d’fhéadfaí na féidearthachtaí sin a phlé leis an iarratasóir a luaithe agus is féidir. Dá bhrí sin, dá mhéad eolais faoi theagmhálacha a chuireann an t-iarratasóir ar fáil, is amhlaidh is fearr. Moltar go láidir d’iarratasóirí An Cód Cleachtais um Shaorail Faisnéise a léamh sula gcuireann siad iarratas isteach.

Is cóir iarratais faoi Shaoráil Faisnéise a chur chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
Foras na Gaeilge
63-66 Sráid Amiens,
Baile Átha Cliath 1.

Nó ar ríomhphost chuig saorailfaisneise@forasnagaeilge.ie

Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise