Máirín de Brún – Uachtarán nuathofa Oireachtais na Gaeilge

Is i gCaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin a rugadh agus a tógadh Máire, ach tá céim bainte amach aici i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ina dhiadh sin, chaith sí seal ag múineadh i Scoil na gCailíní, Dún Droma go dtí gur ceapadh í ina múinteoir Gaeilge i nGaeleagras na Seirbhíse Poiblí sa bhliain 1976. Is ann a chaith Máirín an chuid eile dá saol gairmiúil, ag múineadh ar feadh scór bliain, agus mar Stiúrthóir ar an eagraíocht ar feadh cúig bliana déag.

Ceapadh Máirín ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais in 2003, ceapadh ina Cathaoirleach ar Bhord Stiúrtha an Oireachtais í ina dhiaidh sin agus insealbhaíodh i mBaile Átha Cliath ar an 21ú Feabhra í ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2022.

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais, “Seirbhís dhílis, dhíograiseach atá tugtha ag Máirín de Brún don Oireachtas thar na mblianta. Tréaslaím a gradam léi inniu agus í tofa mar Uachtarán ar an Oireachtas don bhliain stairiúil seo, 125 ár mbunaithe. Guím rath agus gach sonas uirthi i mbun na hoifige seo.”

Is mar seo a leanas a labhair Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge mar gheall ar insealbhú Mháirín, “Tá lúcháir orm fáilte ó chroí a chur roimh insealbhú Mháirín de Brún mar uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i mbliana agus féile na Samhna ag comóradh 125 bliain ó bunaíodh í.  Tá Máirín ag plé le hOireachtas na Gaeilge le blianta fada, agus níl aon duine is fearr ná í a thabharfadh treoir agus ceannasaíocht don eagraíocht sa bhliain cheiliúrtha seo. Is í a bhí mar Chathaoirleach ar Oireachtas na Gaeilge nuair a roghnaíodh Oireachtas na Gaeilge ina Cheanneagraíocht freagrach as tacú le bunú gréasáin úsáide Gaeilge do dhaoine fásta ar fud an oileáin, agus tá tuiscint ar leith aici ar thábhacht na heagraíochta d’fhorbairt leanúnach na Gaeilge. Guímid gach rath uirthi.”

Is ball de go leor coistí eile í Máirín freisin, ina measc, Coiste na Gaeilge Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Coiste Cumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Bhaile an tSaoir, agus is iarbhall í de Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann agus den Coiste Comhairleach um Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil.