Micheál Ó Gruagáin: iar-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar shlí na fírinne

Ráiteas comhbhróin

18 Samhain 2021

Is cúis mhór bhróin d’Fhoras na Gaeilge go bhfuil iar-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Micheál Ó Gruagáin, tar éis bháis.

Ceapadh Micheál i ról bainistíochta le Bord na Gaeilge ag deireadh na seachtóidí agus mar Phríomhfheidhmeannach ar Bhord na Gaeilge in 1993.

D’fheidhmigh sé mar Phríomhfheidhmeannach eatramhach nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge mar fhoras trasteorann in 2000. Ba thréimhse chinniúnach don Fhoras Teanga í seo nuair a bunaíodh na struchtúir agus feidhmeanna nua thuaidh theas faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. D’fheidhmigh sé sa ról mar Phríomhfheidhmeannach go dtí go ndeachaidh sé ar scor in 2001.

Aisteoir, drámadóir agus duine de bhunaitheoirí Aisteoirí Bulfin in 1967 ab ea Micheál. Bhí cáil air mar aisteoir dátheangach agus mar mhórphearsa teilifíse, mar aisteoir ar Ros na Rún agus mar ghlór so-aitheanta ar chartúin TG4 go háirithe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, ‘Chuir Micheál bonn láidir faoi Fhoras na Gaeilge nuair a ghlac sé ceannas mar Phríomhfheidhmeannach in 2000. Ba dhuine é, is léir, a chuaigh go mór i gcion ar a chomhghleacaithe le linn a sheirbhíse scór bliain le Bord na Gaeilge agus sa tréimhse sin i dtús ré Fhoras na Gaeilge, agus ba mhinic iarfhostaithe dá chuid ag aithris scéalta agus cuimhní air ón am a d’oibir siad ina chuideachta. In 2021, agus scór bliain tar éis dó dul ar scor, tá aitheantas agus ár mbuíochas ag dul do Mhicheál as an bhunchloch a leag sé dúinn i bhForas na Gaeilge le linn na tréimhse stairiúla, cinniúnaí seo. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.’

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, ‘Chaith Micheál a shaol ag saothrú ar son na Gaeilge agus go háirithe ar son drámaíocht na Gaeilge, gné thábhachtach de shaol na n-ealaíon Éireannach. Bhí tábhacht ar leith lena ról lárnach san aistriú ó Bhord na Gaeilge go Foras na Gaeilge, agus pobal na Gaeilge ag tógáil ar an oidhreacht sin i gcónaí.’

Déanann Foras na Gaeilge comhbhrón le bean chéile Mhichíl, Mary, agus lena chlann Diarmuid, Bríd agus Micheál-Eoin.

Críoch

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie