Miondíoltóir Gaeilge na Bliana 2016 le fógáirt anocht

Bronnfaidh Bláthnaid Ní Chofaigh, comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge agus craoltóir de chuid RTÉ, an gradam do Mhiondíoltóir Gaeilge na Bliana ag Gradaim Náisiúnta C-Store, Shelflife, ag ócáid in Óstán Dhroichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4, anocht.

Tá urraíocht á déanamh ag Foras na Gaeilge ar an ngradam seo ó 2009 mar chuid den fheachtas Gnó Means Business, a thacaíonn leo siúd a bhaineann leas as an nGaeilge mar uirlis éifeachtach in earnáil an ghnó. Ó shin, tá an gradam seo ag tabhairt aitheantais do mhiondíoltóirí ar fud an oileáin as a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn. I measc na gcritéar don ghearrliosta i mbliana bhí comharthaíocht agus seirbhís i nGaeilge chomh maith lena n-iarrachtaí margaíocht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, go dtugann “an caighdeán ard agus an iomaíocht ghéar a bhí ann arís i mbliana léargas ar an tsárchleachtas sa réimse seo,” agus gur “eiseamláirí d’úsáid éifeachtach na Gaeilge mar uirlis ghnó iad na miondíoltóirí ar an ghearrliosta i mbliana”.

Guíonn Foras na Gaeilge gach rath ar na miondíoltóirí a bhain an gearrliosta amach i mbliana ag an ócáid bhronnta anocht:

  • Roartys XL, Dún Lúiche, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
  • Moran's Costcutter, Bóthar an Phoist, An Daingean, Co. Chiarraí
  • Ollmhargadh Spar, Sráid na Faiche, An Daingean, Co. Chiarraí
  • Standún, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
  • Costcutter Tí Durkin, An Tulach, Baile na hAbhann, na Gaillimhe
  • Spar, Baile na nGall, an Rinn, Co. Phort Láirge
  • Gibney's Mace, Sráid an tSrutháin, Dún Pádraig, Co. an Dúin

 

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

Tuilleadh eolais faoi Ghradaim C-Store: http://www.shelflife.ie/c-store-awards-2016-nominees/

Tuilleadh eolais faoi Gnó Means Business: www.gnomeansbusiness.ie