Na ceanneagraíochtaí Gaeilge

Creidim Ionat
Séard atá sna ceanneagraíochtaí Gaeilge, ná na príomh-eagraíochtaí a bhíonn maoinithe ag, agus ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge maidir le sé mór-réimse de chur chun cinn na Gaeilge. Tá seirbhísí éagsúla á gcur ar fáil ag na heagraíochtaí seo uilig, agus is fiú go mór cuairt a thabhairt ar a gcuid suíomhanna d’fhonn fáil amach más féidir leo cuidiú leatsa ar do thuras teanga!

Ceanneagraíocht Mór-réimse Oibre
Gaeloideachas Gaeloideachas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge
Gael-Linn Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
Glór na nGael Forbairt pobail agus eacnamaíochta
An tOireachtas Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasán do dhaoine fásta
Conradh na Gaeilge Ardú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit)
Cumann na bhFiann Forbairt deiseanna úsáide Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga