Na Gaeil Óga CLG: ‘Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.’ #ÁrdTeangaFéin

Cé hiad Na Gaeil Óga? 

Bunaíodh Na Gaeil Óga CLG in 2010 le deiseanna a thabhairt do chainteoirí óga Gaeilge a úsáid agus na cluichí Gaelacha a imirt. Tá sé fhoireann do bhaill fásta ag na Gaeil Óga don iomáint, peil agus camógaíocht. do bhaill fhásta ag na Gaeil Óga don iomáin, peil agus camógaíocht. Tá 230 páiste faoi aois cláraithe leo anois agus 205 dhuine fhásta ag imirt, rud a fhágann 435 ar fad ag imirt faoi láthair. Anuas air sin, tá ar a laghad 200 duine eile páirteach go hindíreach, tuismitheoirí na bpáistí go háirithe, rud a fhágann go bhfuil timpeall 635 dhuine páirteach ar bhealach éigin gach seachtain.

Cairdeas. Pobal. Spórt. 

Tá pobal breá bríomhar cruthaithe ag Na Gaeil Óga CLG i Leamhcán, Baile Átha Cliath ó bunaíodh iad in 2010. Sa bhreis ar ghníomhaíochtaí ar an bpáirc imeartha tá ranganna Gaeilge seachtainiúla a reáchtáil acu do thuismitheoirí chomh maith le hócáidí sóisialta de gach saghas.

Cuireann an cumann lán-Ghaeilge béim leanúnach ar rannpháirtíocht ban agus cailíní i spórt agus dá thoradh chuid siad tús le foirne nua faoi aois cailíní. Ar ndóigh eagraítear gach imeacht trí Ghaeilge agus bínn na scórtha cruinnithe ag na Gaeil Óga.

I rith 2018 d'eagraigh na Gaeil Óga níos mó ná 1,000 ócáid Ghaeilge. 

Conas a thacaíonn Foras na Gaeilge leis na Gaeil Óga? 

Is trí Scéim na gCampaí Samhraidh agus trí urraíocht a chuir  Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do Na Gaeil Óga in 2018. Má tá suim agat eolas sa bhreis a fháil faoinár scéimeanna maoinithe agus faoin tacaíocht ar fáil duitse líon an bosca teagmhála thíos agus beimid i dteagmháil leat.  

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoin tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge don phobal sna leabhráin Am an Phobail agus Am an Oideachais

Is féidir teacht ar liosta iomlán scéimeanna Fhoras na Gaeilge anseo