Os cionn €1.2 milliún de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur ceadaíodh caiteachas dar luach €1,215,491 ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge inniu. Cheadaigh bord Fhoras na Gaeilge deontais i réimse na litríochta, na foilsitheoireachta agus an phobail chomh maith le maoiniú suntasach a chuirfidh bonn láidir faoi Bhliain na Gaeilge 2018.

Ceadaíodh €389,209 don cheanneagraíocht, Conradh na Gaeilge, chun clár cuimsitheach ildánach a chur ar fáil le linn Bhliain na Gaeilge 2018. Mar chuid den deontas sin cheadaigh Foras na Gaeilge ciste miondeontas, a chuirfidh deontais bheaga ar fáil do ghrúpaí a eagraíonn imeachtaí ar fud na tíre. Lena chois sin, beidh Clár Ildánach Bhliain na Gaeilge 2018 agus Ciste do Dhuaiseanna Scoile i measc na dtionscadal a bheidh ceadaithe faoi dheontas Fhoras na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh idirnáisiúnta.

Ceadaíodh €40,000 don mhórléiriú ealaíne, amharclannaíochta agus ceoil, Aisling?, atá bunaithe ar shaothar nua-chumtha de chuid mhórealaíontóirí na Gaeltachta. Is é an drámadóir, scríbhneoir agus scannánóir, Darach Mac an Iomaire, stiúrthóir an tionscadail, agus beidh léirithe ar siúl i níos mó ná deich n-ionad ó thuaidh agus ó dheas le linn Bhliain na Gaeilge 2018.

Anuas ar dheontais a thacaíonn le Bliain na Gaeilge 2018 cheadaigh Foras na Gaeilge deontais de luach €112,310  chun an léitheoireacht agus litríocht i nGaeilge a chur chun cinn, agus €644,885 do comhlachtaí foilsitheoireachta, ina measc: Coiscéim, Cló Iar-Chonnachta, Futa Fata agus Leabhar Breac.

Ag fáiltiú roimh chinneadh an bhoird inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn, “Tréaslaím a saothar agus a gcruthaíocht leis na heagraíochtaí sin uile ar cheadaigh Foras an Gaeilge deontais dóibh inniu. Is é an ról is tábhachtaí atá ag Foras na Gaeilge ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa phobal. Trí na deontais atá ceadaithe inniu ag Foras na Gaeilge, beimid ag cuidiú le heagraíochtaí Gaeilge leanúint dá n-obair iontach ag foilsiú scoth na leabhar, á gcur i láthair an phobail, agus beimid ag cinntiú go mbeidh pobal iomlán an oileáin ábalta páirt ghníomhach a ghlacadh i mBliain na Gaeilge in 2018.”

 

*Críoch*

 

Nóta don Eagarthóir:

Cuirfidh TG4 tús spleodrach le Bliain na Gaeilge 2018 le clár beo atá urraithe ag Foras na Gaeilge, Fáilte 2018, Oíche Chinn Bhliana 2017 i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí.

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie