Os cionn €3 milliún de dheontais faofa ag bord Fhoras na Gaeilge ag cruinniú deireanach na bliana

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh os cionn €3 milliún de dheontais, i réimsí an raidió, na litríochta, na foilsitheoireachta, an phobail agus an oideachais ag an gcruinniú deireanach de chuid bhord Fhoras na Gaeilge le linn 2018. 

Ceadaíodh deontais do Raidió na Life (€720,000 thar thréimhse trí bliana) agus do Raidió Fáilte (£648,000 thar thréimhse trí bliana) faoin Scéim Raidió Pobail 2019-2021, a thacóidh leis an dá stáisiún sceideal craoltóireachta lán-Ghaeilge a chur ar fáil do phobal éisteachta logánta Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.  Ceadaíodh deontais chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn trí Scéim na dTionscadal Litríochta 2019 (€103,005) agus Scéim na Foilsitheoireachta (€674,574) a thacóidh le pleananna 13 chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge in 2019 lena n-áirítear Coiscéim, LeabhairCOMHAR agus Leabhar Breac.

I réimse an oideachais tá ceithre dheontas ar luach €80,524 ina n-iomláine, ceadaithe do Scéim na Scoláireachtaí 2019. Bronnfar na deontais ar thrí cheanneagraíocht: Conradh na Gaeilge (€38,541), Gael Linn (€28,305) agus Cumann na bhFiann (€3,678), chomh maith le Cumann an Phiarsaigh (€10,000), le deis a thabhairt do dhaoine óga, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh freastal ar chúrsa Gaeltachta le linn 2019. Bhain 509 bhfoghlaimeoir, 421 duine óg, 24 dhuine fhásta agus 15 theaghlach leas as an scéim in 2018.

Ceadaíodh €120,000 don cheanneagraíocht Gael Linn leis an tionscadal Gaelbhratach a reáchtáil sna scoileanna arís in 2019. Scéim í seo atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael agus a thugann aitheantas fíorthábhachtach d’úsáid na Gaeilge i meánscoileanna agus i mbunscoileanna ar fud an oileáin. Bronnadh an Gaelbhratach ar 80 scoil in 2018 agus tá an scéim ag dul ó neart go neart ó seoladh é in 2014.

Faoin gCiste Infheistíochta do Bhunú Soláthar Réamhscolaíochta agus Cúram Leanaí bronnfar deontas dar luach £11,333 ar Naíscoil na Caille i gCathair Ard Mhacha le tacú leo seisiúin súgartha do pháistí a reáchtáil.

Faomhadh Straitéis Cholmcille 2019-2021 a leagann amach cuspóirí straitéiseacha le haghaidh 2019-2021 agus misean le cainteoirí Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann a thabhairt le chéile. Faoi Scéim Deontas Cholmcille ceadaíodh £10,500 do Chlub Óige Luraigh le freastal ar Fhèis Eilean an Fhraoich i Leódhas le linn mhí Iúil agus Lúnasa 2019. Tabharfaidh an deontas deis do dhéagóirí agus oibrithe óige as Co. Dhoire dul go Leódhais, turas a chuirfidh go mór le feasacht an ghrúpa ar Ghaeilge na hAlban agus a dhaingneoidh an gaol idir iad agus lucht a gcomhaoise in Albain.

Faomhadh scéim nua dar teideal Scéim na Mor-Imeachtaí Ealaíon 2019 a dhíreoidh ar mhór-imeachtaí a bhfuil d’aidhm acu úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa phobal trí na healaíona teangabhunaithe Gaeilge. Lena chois sin, díreoidh an scéim ar na gréasáin shóisialta Ghaeilge, ar an mórphobal agus ar earnáil na n-ealaíon ar bhonn uile oileáin agus idirnáisiúnta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Léiríonn raon leathan na ndeontas a cheadaigh Foras na Gaeilge inniu an bhrí agus an bheocht atá faoin Ghaeilge ag leibhéal an phobail thuaidh agus theas i ngach réimse den tsaol. Tá súil againn go gcuirfidh na deontais bonn bríomhar fuinniúil faoi fhorbairt na Gaeilge ag tús 2019, agus tréaslaím a ndíograis agus a ndua do na ghrúpaí uilig a fuair maoiniú uainn le linn 2018 agus atá ag ullmhú anois do 2019.”

Críoch

 

Nóta don eagarthóir:

  1. Scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge

Tá gach eolas maidir leis na scéimeanna maoinithe thíos atá ar oscailt faoi láthair ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna:

Fógrófar Scéim na Mor-Imeachtaí Ealaíon 2019 an tseachtain dar tús an 19 Nollaig 2018 ar an nasc thuas.

  1. Faoi Scéim na Scoláireachtaí 2019

Dáiltear Scéim na Scoláireachtaí faoi thrí chatagóir:

Catagóir

Eagraíocht

Scoláirí faoi 16, dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin

Conradh na Gaeilge

Gael Linn

Cumann na bhFiann

Daoine fásta, dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas 

Gael Linn

Teaghlaigh, dírithe ar theaghlaigh ó thuaidh agus ó dheas 

Cumann an Phiarsaigh

 

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann agus Cumann an Phiarsaigh le fiosruithe maidir leis an scéim seo.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie