Pop-up Gaeltacht ag teacht go dtí Páirc Naomh Tighearnach, Cluain Eois

Muineachán v Dún na nGall | Páirc Naomh Tighearnach | Domhnach 18ú Márta | 2pm

Beidh an chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ riamh ag cluiche C.L.G. ar siúl ag an gcluiche sraithe Allianz idir Muineachán agus Dún na nGall ar an Domhnach tar éis na Féile Pádraig. Is é an Coiste Cultúir agus Gaeilge de Choiste Chontae Mhuineacháin C.L.G. á heagrú. Tabharfar tús áite don Ghaeilge ar an lá agus beidh limistéar lán-Ghaeilge curtha ar leataobh ar chúl ardán Gerry Arthur roimh an gcluiche agus ina dhiaidh, le haghaidh cainteoirí Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa.

Is i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2016 a tháinig an feiniméan nua seo chun cinn den chéad uair riamh. D’eagraigh beirt fhear, Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha, an chéad ‘pop-up Gaeltacht’ i dteach tabhairne sa chathair agus d’fhás sé ó neart go neart ina dhiaidh sin. Ar na saolta seo bíonn Pop-up Gaeltachtaí ar siúl go míosúil ar fud na cathrach agus tagann na céadta daoine chucu. Is í píomh-aidhm na n-imeachtaí seo ná timpeallacht lán-Ghaeilge a chruthú chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt ar a suaimhneas gan aon bhrú. Is i dtíthe tabhairne a bhíodh na Pop-up Gaeltachtaí ar siúl go dtí seo agus níor tháinig an coincheap chomh fada leis na páirceanna Cumann Lúthchleas Gael fud fad na tíre go fóill. Cibé scéal é, tá Coiste Chontae Mhuineacháin ag iarraidh treocht nua a bhunú agus tá pleananna móra acu le haghaidh an chluiche cheannais Uladh féin fiú.

Tá súil ag an gcoiste go gcruthófar timpeallacht lán-Ghaeilge i bPáirc Naomh Tighearnach ar an lá. Beidh na fógraí uilig as Gaeilge; beidh puball lán-Ghaeilge ar chúl an ardáin; agus beidh níos mó Gaeilge le feiceáil ná riamh ar an láthair. Anuas ar sin, beidh ceol traidisiúnta, tae agus caife, agus neart rudaí eile saor in aisce á dtabhairt amach sa phuball. Baineann an ócáid stairiúil seo le hiarrachtaí móra Choiste Chontae Mhuineacháin le haghaidh Bhliain na Gaeilge 2018. Táthar ag súil go mbeidh i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil do phobal na Gaeilge ag cluichí Cumann Lúthchleas Gael amach anseo. Cá bhfios, b’fhéidir go bhfeicfí Pop-up Gaeltachtaí eile ag cluichí craoibhe móra an tsamhraidh?