Preaseisiúint: 2020 – mar a chaith Foras na Gaeilge bliain dhúshlánach

Agus deireadh ag teacht le 2020, tá súil siar á caitheamh ag Foras na Gaeilge ar na deiseanna agus dúshláin a tháinig chun cinn. Bliain eisceachtúil agus chrua a bhí in 2020 do réimse na sláinte agus do chách ar fud na cruinne, ach bhí dúshláin le sárú ag réimsí an phobail, an oideachais, an ghnó agus na n-ealaíon in earnáil na Gaeilge nuair a bhuail paindéim dhomhanda COVID-19 sa chéad ráithe de 2020.

Cé go raibh tionchar ag an gcoróinvíreas ar chlár oibre gach fostaí agus gach deontaí de chuid Fhoras na Gaeilge, rinneadh gach comhoibriú le socruithe agus pleananna a chur in oiriúint do na srianta.

Áirítear na réimsí agus tionscadail thíos i measc bhuaicphointí na bliana:

• Is i réimse an phobail a rinne Foras na Gaeilge an infheistíocht is mó in 2020. Rinneadh timpeall €8.5 milliún d’infheistíocht shuntasach sa phobal (€1 as gach €2 de bhuiséad Fhoras na Gaeilge) trí na sé cheanneagraíocht Ghaeilge, Scéim Pobal Gaeilge, chomh maith le scéimeanna óige, oideachais, ealaíon agus scoláireachtaí spóirt.

• Sheol Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn an chéad mhórfhoclóir Gaeilge le seasca bliain, Concise English Irish Dictionary. Tá an-éileamh ar an bhfoilseachán agus tá níos mó ná 5,000 cóip díolta ó mhí Mheán Fómhair 2020.

• I réimse na foclóireachta agus na téarmaíochta, tháinig méadú ar líon úsáideoirí shuíomhanna Fhoras na Gaeilge: 2.4 milliún úsáideoir ar focloir.ie (ardú 13% ó 2019), 2.4 milliún úsáideoir ar teanglann.ie (ardú 26% ó 2019) agus 560,000 úsáideoir ar tearma.ie (ardú 17% ó 2019)

• I réimse na pleanála teanga, ceadaíodh pleananna do chúig líonra agus do bhaile seirbhíse Gaeltachta amháin ar fud an oileáin le haghaidh na seacht mbliana amach romhainn.

• Tháinig ardú 5.3% ar dhíolachán leabhar Áis i gcomparáid le 2019 agus dáileadh 200,000 leabhar ar níos mó ná 250 siopa leabhar ar fud na tíre agus thar lear.

• D’fhoilsigh an dá fhoilsitheoir déag Gaeilge a fhaigheann tacaíocht trí Scéim na Foilsitheoireachta dhá leabhar agus seachtó in 2020.

• Bunaíodh léitheoirí.ie i gcomhar le Comhar le pobal léitheoireachta na Gaeilge a chothú agus a fhorbairt.

• Léiríonn 21.6 milliún imprisean go ndeachaigh feachtas trasardáin #LeChéile go mór i bhfeidhm ar an bpobal ar líne. Tháinig méadú 468% ar líon na radharc ar chuntais an Fhoras na Gaeilge mar thoradh ar an bhfeachtas a thacaigh leis an bpobal Gaeilge a úsáid sa bhaile le linn na dianghlasála.

Dúirt Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Bhí mé thar a bheith bródúil as ár ndeontaithe agus as foireann Fhoras na Gaeilge as an tacaíocht a thug siad dá chéile le dul i ngleic le srianta an choróinvíris le linn 2020. Táimid anois ag feidhmiú naoi mí ó chian agus tugann an méid a baineadh amach i mbliana misneach agus dóchas dom don bhliain atá romhainn. Léirigh pobal na Gaeilge ar fud na tíre go bhfuil an acmhainneacht acu agus an teacht aniar iontu mar phobal le tacú le chéile, le gníomhú mar phobal, agus le bheith mar phobal teanga, más pobal fíorúil féin é. Is mian liom focal ar leith buíochais a thabhairt do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge as a ndua agus as a ndúthracht le linn na bliana seo agus as an tacaíocht a thug siadsan do phobail Ghaeilge ar fud na tíre.

D’fhoilsíomar an chéad mhórfhoclóir Gaeilge le seasca bliain i mbliana agus tá lúcháir orainn go bhfuil os cionn 5,000 cóip díolta, tá na cóipeanna ag éirí gann cheana féin!”

D’fháiltigh Cathaoirleach gníomhach Fhoras na Gaeilge, Barra Ó Muirí, roimh na ceapacháin boird a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas thar ceann an dá rialtas: Liadh Ní Riada, Kevin O'Hara, Caoimhín Mac Giolla Mhín, Doiminic Ó Brolcháin, Liam Rushe, Waraola Majekodunmi, Neasa Ní Chiaráin, agus Dáithí Mac Cárthaigh, agus roimh athcheapadh Shorcha Ní Chéidigh agus Mháire Ní Neachtain. “Cuirfidh saineolas agus taithí na gcomhaltaí go mór le gnó an bhoird in 2021. Is mian liom focal ar leith buíochais a thabhairt dár gcathaoirleach, Pól Ó Gallchóir, ar tháinig deireadh lena thréimhse ar an bhord, as a stiúir, as a léargas agus as a thacaíocht d’Fhoras na Gaeilge ó 2017.”

Buaicphointí 2020