Lainseálann Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig suíomh gréasáin nua do Cholmcille

Preaseisiúint

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge agus ar Bòrd na Gàidhlig suíomh gréasáin nua a lainseáil inniu don chlár Colmcille, a nascann Éire agus Albain. Lainseáladh an suíomh nuadheartha ar an 9 Meitheamh, lá féile Naomh Colmcille. Ar an suíomh tá lógó nua do Cholmcille, an clár comhpháirtíochta a nascann Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban. Tá an suíomh comhóstáilte ar fáil i nGaeilge na hÉireann, i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla, agus tá sé comhtháite le cainéil ar na meáin shóisialta.

 

Bhunaigh Naomh Colmcille, a mhair sa séú haois, mainistir Oileán Í, a raibh ról lárnach aici sa saol spioradálta agus sa chultúr trí chéile in Éirinn, in Albain agus i dtuaisceart Shasana. D’fhág an mhainistir agus a comh-mhainistreacha séadchomharthaí móra cultúrtha ina ndiaidh, lena n-áirítear Leabhar Cheanannais. Ar ócáid 1500 bliain óna bhreith i nDún na nGall déanfar comóradh ar feadh bliana, Colmcille 1500, ón 7 Nollaig 2020 go dtí an 7 Nollaig 2021.

 

I measc bhuaicphointí na lainseála tá:

 

  • Caint ar Facebook leis an Dr Brian Lacey, ‘Colmcille’, ar an 8 Meitheamh ag 5 p.m. Is féidir leat breathnú ar an gcaint ach an leathanach Facebook @colmcille1500 a leanúint.
  • Beidh cantaireacht ón Meánaois, a taifeadadh ar an 8 Meitheamh 2019, bigil na féile, ar fáil do chách ar Soundcloud @soundcloud.com/forasnagaeilge.
  • Gabháil seilbhe ar Instagram Fhoras na Gaeilge bunaithe ar Cholmcille ar an 9 Meitheamh le Edel Ní Churraoin, Raidió Fáilte.
  • Beidh CHARTS ag lainseáil comórtas ealaíon míosúil agus taispeántas ar líne, le próifíl agus tacaíocht a thabhairt do shaothar ealaíontóirí Gaelacha, a thagann le téamaí Cholmcille, ar an 15 Meitheamh. https://www.chartsargyllandisles.org/.
  • Colmcille 2020, comórtas líníochta le páistí a spreagadh na scéalta atá ar an suíomh nua a ghlacadh chucu féin. Bronnfar duaiseanna ar bhuaiteoirí ó Éirinn agus ó Albain bunaithe ar léaráidí agus conas a shamhlaíonn siad an chuma a bheadh ar Cholmcille in 2020. Is féidir leat clárú don ócáid roimh ré ag leathanach Facebook @colmcille1500. Fógrófar na buaiteoirí ar an 26 Meitheamh.
  • Tráth ceisteanna i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge na hÉireann, arna óstáil ag Aodán Ó Cearbhaill agus Eoghan Stewart, bunaithe ar chultúr agus ar theangacha na hÉireann agus na hAlban.

 

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Is tráthúil an t-am é féile Cholmcille lenár naisc le saol mór na nGael in Albain, ar Oileán Mhanann, agus le cainteoirí na dteangacha Gaelacha níos faide i gcéin, a athnuachan. D’iarrfainn ar dhaoine an suíomh gréasáin a úsáid le cairdeas a athnuachan idir Éire agus Albain.”

 

Dúirt Shona Niclllinnein, Príomhfheidhmeannach Bòrd na Gàidhlig, “Ní féidir tábhacht stairiúil Naomh Colmcille in Albain a mheas faoina luach. Tháinig sé go hAlbain ag am a raibh coimhlintí fuilteacha ann idir treibheanna trodaithe. Ina dhiaidh ní hamháin gur aontaigh sé na Gaeil le chéile, ach na Cruithnigh chomh maith a bhí i ndiaidh cur in éadan ionróirí ar feadh na gcéadta bliain, neart impireacht na Róimhe ina measc.

 

Tabhair cuairt ar www.colmcille.net le breathnú ar an suíomh nua agus le sonraí imeachtaí uile na lainseála a fháil.

 

Bí linn ar na meáin shóisialta trí na haischlibeanna #Colmcille1500 agus #LeChéile agus déan nasc le pobal ilghnéitheach Cholmcille ar líne. Lean sinn ar Instagram @_Colmcille agus Facebook chun an scéal is déanaí a fháil ar ár nuacht go léir!

Críoch

 

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht agus Feasacht, Foras na Gaeilge 

Teil: 00353 87 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie