Preaseisiúint: Os cionn €1.8 milliún de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge ag cruinniú deireanach na bliana

Reáchtáil bord Fhoras na Gaeilge an cruinniú deireanach de 2020 ó chian ar an Aoine, an 11 Nollaig, a chuir clabhsúr le gnó an bhoird in 2020. Cuireadh fáilte roimh thriúr comhaltaí nua-cheaptha: Waraola Majekodunmi, Neasa Ní Chiaráin agus Dáithí Mac Cárthaigh, a chuir tús lena dtréimhsí ceithre bliana ar an mbord. Gabhadh buíochas agus tugadh aitheantas do na comhaltaí ar tháinig deireadh lena dtréimhsí mar bhaill den bhord, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, Máire Ní Neachtain agus Sorcha Ní Chéide. Beidh súil le heolas i leith ceapacháin úra ar bhord an Fhorais Teanga Thuaidh/Theas go luath.

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge gur faomhadh caiteachas dar luach €1.8 milliún a thacóidh le húsáid agus forbairt na Gaeilge in 2021 sna réimsí thíos:

  • Os cionn €300,000 don Áisaonad Lán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste le háiseanna oideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil ó thuaidh.
  • €672,000 do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus do Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire don tréimhse 2021-2023 a chlúdóidh costais ocht mball foirne.
  • €120,000 do Ghael Linn leis an scéim spreagtha Gaeilge do scoileanna, Gaelbhratach, a reáchtáil in 2021.
  • Cuirfear €596,987 ar fáil le tacú le foilsitheoirí Gaeilge in 2021 faoi Scéim na Foilsitheoireachta (Clár na Leabhar Gaeilge).
  • Tá €97,421 curtha ar fáil trí Scéim na dTionscadal Litríochta (Clár na Leabhar Gaeilge) le haghaidh ócáidí chun an scríbhneoireacht agus an léitheoireacht a chur chun cinn. Beidh Gaelchultúr, Imram agus Éigse Éireann i measc na ndreamanna a bheidh ag reáchtáil na n-imeachtaí seo in 2021.
  • Ceadaíodh €50,000 le haghaidh imeachtaí ealaíon thuaidh agus theas trí Scéim na Mórimeachtaí Ealaíon. Beidh Féile na Gealaí, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i measc na mórfhéilte a bheidh á reáchtáil in 2021.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Cúis dóchais dúinn an líon mór deontas a cheadú agus muid ag breathnú chun cinn go 2021. Cuirfidh na deontais bonn láidir faoi úsáid agus fhorbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail, go háirithe sa dlínse ó thuaidh, ar ceadaíodh €1 mhilliún de na deontais dó, go háirithe Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, ar éirigh go hiontach leo a gcuid imeachtaí a chur in oiriúint do shrianta na paindéime le linn 2020, agus a bhuaigh Gradam na Gaeilge Coinnigh an Misneach i nGradaim na hAislinge i mbliana dá n-iarrachtaí.”

Dúirt Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach, gur “chúis bróid agus áthais dó féin a bheith i gceannas ar an bhord le ceithre bliana, tráth ar tháinig forbairt mhór ar na socruithe tacaíochta don Ghaeilge sa dá dhlínse ar an oileán, le Plean Gníomhaíochta 5 Bliana ann anois do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, beartas pleanála teanga an rialtais ó dheas faoi lán seoil agus billí teanga ar an bacáin ó thuaidh agus ó dheas. Guím gach rath ar an Fhoras agus ar an bhord sna blianta amach romhainn.”

Críoch