Preasráiteas – Daonáireamh 2021

Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, fáilte chroíúil roimh na figiúirí is déanaí ón daonáireamh ó thuaidh a léiríonn go bhfuil os cionn 40,000 duine sa phobal ó thuaidh anois a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Nuair a chuirtear an líon seo de chainteoirí laethúla Gaeilge leis an fhigiúr do chainteoirí seachtainiúla Gaeilge, tá chóir a bheith 70,000 duine ó thuaidh atá ag caint Gaeilge gach lá nó gach seachtain.

Dúirt Seán Ó Coinn gur léir le blianta beaga anuas go bhfuil borradh faoin Ghaeilge ó thuaidh agus go gcuirfeadh an reachtaíocht úr a chuaigh trí Pharlaimint na Breataine in 2022, go mór leis na deiseanna a bheidh ann don phobal ó thuaidh plé leis an stát sa teanga atá in úsáid acu gach lá ina saol pearsanta.

Dar le Foras na Gaeilge, léiríonn na figiúirí seo an géarghá le straitéis forbartha ag leibhéal an Rialtais ó thuaidh don Ghaeilge, rud a chuideoidh go mór leis an phobal seo atá ag fás ó bhliain go bliain.  Foilsíodh figiúirí roimh an Nollaig a léiríonn go bhfuil chóir a bheith ceathrú milliún duine ó thuaidh anois a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu, méadú suntasach ar an líon daoine a bhí sa chatagóir sin 10 mbliana ó shin. Léiríonn na figiúirí is déanaí seo faoi úsáid na Gaeilge, go bhfuil pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fás agus ag forbairt go gasta.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go bhfuil “Foras na Gaeilge, i gcuideachta lenár gcomhpháirtithe sa phobal agus in earnáil na Gaeilge ag tacú leis an phobal Gaeilge ó thuaidh le mórán le 20 bliain ó bunaíodh na forais thuaidh theas, i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus is údar misnigh dúinn uilig go bhfuil an toradh seo le feiceáil ar an tacaíocht a chuirimid ar fáil don phobal”.

Thréaslaigh sé a ndúthracht agus a gcuid oibre do na pobail éagsúla i mBéal Feirste, i nDoire, in Ard Mhacha, i Lár Uladh, agus sna na ceantair uilig eile a bhfuil pobal Gaeilge ag teacht chun cinn iontu.

Tá na figiúirí do Líon na gcainteoirí Gaeilge agus a mhinice is a labhraíonn siad í, ó Dhaonáireamh 2021, de réir Toghcheantar Áitiúil atá foilsithe ag Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) le fáil ag: https://www.nisra.gov.uk/publications/census-2021-main-statistics-language-tables