Raidió na Life fógartha mar STÁISIÚN RAIDIÓ NA BLIANA 2022

Tá gradam idirnáisiúnta Stáisiún Raidió na Bliana buaite ag Raidió na Life ag Gradaim na Meán Ceilteach in Quimper na Briotáine aréir, Déardaoin, an 9 Meitheamh 2022!  

Bhuaigh an stáisiún pobail an rannóg ina raibh sé san iomaíocht le 8 stáisiún raidió phoiblí: 6 cinn de stáisiúin réigiúnacha BBC; RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus Radio Galega na Gailíse.  

Ar fhógairt an ghradaim, bhí an méid seo a leanas le rá ag Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life:

“Is onóir mhór dúinn Stáisiún Raidió na Bliana a bhuachan ag Féile na Meán Ceilteach arís i mbliana. Agus muid san iomaíocht le stáisiúin mhóra ghairmiúla amhail stáisiúin BBC agus RTÉ, a bhfuil acmhainní móra acu, táimid an-bhródúil gur aithin na moltóirí cé chomh speisialta is atá Raidió na Life – an fuinneamh, éagsúlacht, beocht, nuálaíocht, spraoi agus spiorad a bhaineann leis an stáisiún agus leis na cláir iontacha a chraolaimid.  

Tá an rogha de chláir raidió i nGaeilge atá le cloisteáil ar Raidió na Life níos leithne ná mar a bhfaighidh tú ar aon stáisiún eile! Tá cláir againn atá dírithe ar an aos óg, cláir ina gcloistear popcheol, rac-cheol agus ceol ailtéarnach, agus tá cláir shainspéise chainte againn atá dírithe ar cheisteanna a bhaineann le cúrsaí ban, cúrsaí LADTAI, cúrsaí meabhairshláinte agus neart eile nach iad. Sa bhreis air sin, craoltar rogha fhairsing de chláir cheoil shainspéise. Ó rapcheol agus hip hap go ceol domhanda, agus ó ‘druma is dord’ go ceol traidisiúnta, agus gach rud idir eatarthu, craolaimidne seánraí agus ceoltóirí a ndéanann stáisiúin raidió lárshrutha neamhaird iomlán orthu – agus táimid an-bhródúil as an spás a thugaimid do sheánraí éagsúla agus do na ceoltóirí sin. 

Le nach mór tríocha bliain anuas, tá stáisiún raidió lán-Ghaeilge comhaimseartha agus ceannródaíoch curtha ar fáil againn i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Ar ndóigh, san aois dhigiteach ina mairimid anois, bímid ag freastal ar líne ar Ghaeilgeoirí ar fud na tíre, agus ar fud na cruinne gan dabht, agus pobal níos mó ná riamh ag éisteacht linn agus ag glacadh páirte freisin. 

Is stáisiún beag muid. Bímid ag feidhmiú den chuid is mó le craoltóiri deonacha agus gan ach acmhainní beaga againn ach bainimid an-chuid amach ar an mbeagán. Is cúis ollmhór mhórtais dúinn gradam mór idirnáisiúnta chomh tábhachtach leis seo a fháil.”  

Tugann gradam idirnáisiúnta Stáisiún Raidió na Bliana aitheantas don chraoladh uathúil, bisiúil, ardchaighdeáin atá á dhéanamh ag Raidió na Life. Bíonn an stáisiún pobail seo ag craoladh ó chroílár na príomhchathrach i mBaile Átha Cliath 1. A bhuí le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, tá foireann bheag de thriúr lánaimseartha agus beirt pháirtaimseartha fostaithe sa stáisiún. Tá áiseanna craolacháin agus oiliúna sa stáisiún a ligeann do bhreis agus 100 craoltóir deonach – daoine óga, go háirithe – cláir raidió a ullmhú agus a chur i láthair gach seachtain. Tugtar deis dóibh scileanna craolacháin a fhoghlaim agus a fhorbairt, cur lena gcuid féinmhuiníne, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh is a fheabhsú i dtimpeallacht spraíúil thaitneamhach. 

Arsa Cuan Ó Seireadáin, Cathaoirleach Raidió na Life:

“Táimid an-mhórtasach as an ról a imríonn Raidió na Life sa phobal, an t-atmaisféar agus an cultúr dearfach a ghineann an stáisiún don teanga, agus táimid an-bhuíoch as an tacaíocht a fhaighimid ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann, agus ó phobal na Gaeilge féin. Ligeann an maoiniú agus an tacaíocht sin dúinn an obair thábhachtach atá ar bun againn a chur i gcrích. Léiríonn an gradam seo an rud a chreidimid féin faoin stáisiún – go bhfuilimid ar cheann de na stáisiúin Cheilteacha is tábhachtaí agus is fearr dá bhfuil ann.” 

 Lean Muiris Ó Fiannachta leis: 

“Gabhaimid buíochas mór leis an bpainéal moltóirí ag Féile na Meán Ceilteach as Raidió na Life a aithint mar Stáisiún Raidió na Bliana arís in 2022. Is aitheantas iontach é seo don obair chruthaitheach, fhuinniúil, dhíograiseach a dhéanann craoltóirí deonacha Raidió na Life agus, dár ndóigh, dár bhfoireann iontach a dhéanann míorúiltí beaga ina gcuid oibre gach lá, ag coinneáil an seó ar an mbóthar agus an stáisiún ar an aer. Tá líon níos mó foirne ag obair ar roinnt clár ar na stáisiúin eile a bhí ainmnithe sa rannóg linn i mbliana ná mar atá ag obair i Raidió na Life ina iomláine! Ní beag sin! 

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach craoltóir deonach agus le gach ball den mbord stiúrtha deonach freisin. Tugann gach duine rud éigin speisialta leo chuig Raidió na Life le cinntiú go soláthraímid stáisiún raidió spleodrach, iolraíoch agus ilghnéitheach den chéad scoth do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath – agus san aois ina mairimid anois, aois inar féidir beagnach gach stáisiún raidió a fháil ar líne pé áit a bhfuil tú i do chónaí – do chainteoirí Gaeilge fud fad na cruinne.  

D’éinne nár éist linn roimhe seo, nó nár éist linn le tamall, glac an deis, tiúnáil isteach agus bain taitneamh as an stáisiún raidió Gaeilge is fearr dá bhfuil ann, Stáisiún Raidió na Bliana, Raidió na Life! Táimid ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath agus ar líne ar fud na cruinne, ag www.raidionalife.ie.” 

Is iad na stáisiúin raidió eile a bhí ainmnithe do ghradam Stáisiún Raidió na Bliana ag Gradaim na Meán Ceilteach 2022 ná RTÉ Raidió na Gaeltachta, Radio Galega, BBC Radio Ulster, BBC Radio nan Gàidheal, BBC Radio Foyle, BBC Radio Cymru, BBC Radio Wales agus BBC Radio Scotland. Ba é Raidió na Life an t-aon stáisiún raidió pobail a ainmníodh sa rannóg i mbliana, don cheathrú bliain as a chéile. Bhuaigh Raidió na Life an gradam do Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach den chéad uair in 2013, an chéad uair i stair na féile gur bhuaigh stáisiún raidió pobail an gradam. Níl ann seo ach an tríú huair i stair 42 bliain na féile gur bhuaigh stáisiún raidió pobail an teideal agus is é Raidió na Life an chéad stáisiún pobail chun é a bhuachan den dara huair. Bhuaigh Raidió Fáilte Bhéal Feirste an gradam in 2018. 

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail Gaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge. Tá foireann bheag de thriúr lánaimseartha agus beirt pháirtaimseartha ag obair sa stáisiún.   

Is ar bhonn deonach a oibríonn na craoltóirí, le idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte chuile sheachtain. Tá Bord Stiúrtha deonach ag an stáisiún chomh maith.   

Tá na mílte craoltóirí tar éis taithí chraolacháin a fháil i Raidió na Life le beagnach tríocha bliain anuas, ina measc, roinnt de na craoltóirí is aitheanta sa tír, idir réaltaí teilifíse is raidió – daoine amhail Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Cormac Ó hEadhra, Aedín Gormley, Colm Ó Mongáin, an Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Barbara Nic Dhonnchadha, Fachtna Ó Drisceoil agus an t-uafás eile.     

Tá cáil ar an stáisiún as ardchaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge agus aithnítear é freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar Raidió na Life ar fáil ar www.raidionalife.ie