Ráiteas comhbhróin: Áine Seoighe, ár n-iar-chomhghleacaí, ar shlí na fírinne

14 Nollaig 2021

 

Is cúis mhór bhróin d’fhoireann Fhoras na Gaeilge go bhfuil ár n-iar-chomhghleacaí, Áine Seoighe, tar éis bháis.

 

Ceapadh Áine mar Rúnaí le Bord na Gaeilge in 1984 agus chaith sí tréimhse mar Rúnaí pearsanta don Phríomhfheidhmeannach ina dhiaidh sin. Is mar Oifigeach Pobail, Gnó agus Cumarsáide le Foras na Gaeilge a chuir an pobal aithne ar Áine, agus le linn na mblianta a chaith sí ag obair sa réimse sin ba ghnáth léi freastal ar imeachtaí agus ócáidí a chuir tacaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge. Chuaigh Áine i mbun oibre le Glór na nGael in 2009 agus chaith sí deich mbliana ag obair mar Oifigeach Forbartha leis an eagraíocht go dtí 2019.

 

Bhí ardmheas ar Áine i measc fhoireann Fhoras na Gaeilge i gcoitinne mar bhean lách, shuáilceach, agus mar chomhghleacaí a spreag baill foirne eile.

 

Déanann Foras na Gaeilge comhbhrón lena deirfiúracha Máire, Máiréad agus Treasa, a deartháireacha Pádraic agus Máirtín, a cliamhaineacha, Gearóid, Philip, Cathelijne agus Mary, a nianna agus neachtanna, a gclann siúd, a gaolta, a cairde agus a comhghleacaithe i nGlór na nGael.

 

Suaimhneas síoraí di.