Ráiteas Fhoras na Gaeilge maidir le Cáinaisnéis 2022 don Ghaeilge

Beidh Foras na Gaeilge ag súil go mbeidh an dá rialtas ábalta cur leis an maoiniú breise a fógraíodh inniu don Fhoras Teanga chun go mbeidh an buiséad bonnlíne tugtha ar ais chuig leibhéil 2008 le linn 2022.

Cé gur fháiltigh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, roimh an scéala a fógraíodh inniu go mbeidh méadú ag teacht ar bhuiséad bonnlíne na heagraíochta, tá an méadú níos lú ná a bhíothas ag súil leis. De bharr socruithe a bhaineann leis an gcur chuige thuaidh theas, agus ar an ábhar gur figiúr atá luaite don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) i dteannta a chéile, ní fios go fóill cá mhéad den mhéadú a bheidh i gceist d’Fhoras na Gaeilge in 2022.

Arsa Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, agus í ag caint faoin nuacht: “Cé go mbeidh achar eile le dul againn sula mbeidh buiséad Fhoras na Gaeilge ar ais ag na leibhéil roimh 2008, €21 milliún, is méadú atá i gceist anseo a chuideoidh linn aghaidh a thabhairt ar chuid de na deacrachtaí maoinithe is mó atá cruthaithe thar an 13 bhliain ó 2008”.

Le linn na tréimhse sin baineadh isteach agus amach ar €5 mhilliún de bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge. Nuair a chuirtear an méadú a fógraíodh inniu leis an €1.7 milliún a cuireadh le buiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge in 2021, beidh os cionn €2 mhilliún den €5 mhilliún sin aimsithe. Mar sin féin, tá bearna ansin go fóill de €3 mhilliún a bheidh le líonadh le bheith cothrom le maoiniú 2008 i dtéarmaí ainmniúla.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin “Beidh Foras na Gaeilge ag bualadh leis an Aire Martin go luath agus tá cruinnithe lorgtha againn le hairí ó thuaidh le riachtanais na Gaeilge a chur faoina mbráid. Beidh sé mar thosaíocht againn a chinntiú go mbeidh an infheistíocht atá riachtanach ar fáil le tacú leis na pleananna atá ag an dá Rialtas don Ghaeilge.”

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie